Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 June 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais
Ms Lisa Nic Dhoinnl?ibhe:
Tá cúpla aicsean eile fós ar bun againn. Mar shampla, tá COGG ag obair faoi láthair air seo. Ceann de na gníomhaíochtaí a luadh ná go raibh gá le tacaíocht do pháistí le riachtanais speisialta sa chóras. Tá COGG i mbun mionfhiosrúcháin faoi láthair i dtaobh riachtanais speisialta sa chóras lán-Ghaeilge agus tá siad ag cur treoir le chéile anois do na scoileanna laistigh den Ghaeltacht. Sin ceann de na mórghníomhaíochtaí breise sin atá fós ar bun.
Bhí ceist ag an Teachta faoi aitheantas. Mar a luaigh an tAire, tá an chigireacht tar éis tús a chur leis na cuairteanna chuig na scoileanna an bhliain seo caite. Thosaigh siad i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus tá an-dul chun cinn déanta acu. Beidh na cuairteanna sin ag teacht chun deiridh roimh Cháisc 2024. Tá céatadán an-ard de na bunscoileanna tar éis cuairt a fháil agus tuilleadh le déanamh an bhliain seo chugainn. As na hiar-bhunscoileanna, ceapaim go bhfuil ceithre scoil déanta agus na cinn eile le déanamh an bhliain seo chugainn. Tá ag éirí go geal leis na scoileanna nuair a chloiseann tú na scéalta atá ag teacht ar ais agus na dea-chleachtais a chloistear fúthu sna scoileanna, na hathruithe atá tar éis tarlú agus an bláthú atá tar éis teacht ar an nGaeilge laistigh de na comhthéacsanna sin. Sin an t-aiseolas atá ag teacht chugainne ón gcigireacht.
Nuair a fhaigheann an scoil an chuairt, bíonn ar an gcigire tuairisc a scríobh agus bíonn ar an tuairisc sin dul faoi athbhreithniú cáilíochta laistigh den Roinn. Ansin cuirtear an tuairisc ar ais chuig an scoil agus nuair atá siadsan sásta leis na fíricí agus sásta go bhfuil siad i gceart, seoltar ar ais chuig an gcigireacht arís é. Ag an bpointe sin faigheann muidne san aonad um oideachas Gaeltachta an tuairisc sin agus ina dhiaidh sin bronntar an t-aitheantas oifigiúil. Sin an fáth go bhfuil próiseas níos faide-----
No comments