Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 June 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tÉileamh don Ghaeloideachas: an Roinn Oideachais

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Is iontach an deis a bheith againn cúrsaí Gaeilge a phlé, go háirid sa chóras oideachais. Tá neart ábhar ann agus ní féidir réimse ceisteanna a chur maidir leis na hábhair uilig. Ní saineolaí mé ach ní mór dom a rá nach bhfuil na dreamanna atá tagtha os ár gcomhair sásta leis na cinntí a rinneadh. Luaigh mé iad agus níl mé chun iad a phlé i ndáiríre mar de réir mar a thuigim tá an Roinn ag rá rud amháin agus na dreamanna atá tagtha os ár gcomhair ag rá rud eile. Táim sásta go bhfuil síneadh ama curtha maidir leis an gcinneadh an scrúdú Gaeilge a chur siar. Tá stop leis sin faoi láthair ach níl sé stoptha go hiomlán. Níl sé éasca dúinne ar an gcoiste mar ba chóir go mbeadh na rudaí sin oibrithe amach agus níl.

Ba mhaith liom díriú isteach ar ábhar ginearálta. Tosóidh mé leis an dea-scéal agus an rud ba dhearfaí a tháinig os ár gcomhair, sé sin, an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-22. Cad é stádas an pholasaí sin? Tá a fhios agam go raibh síniú ama i gceist. Cá bhfuilimid? An bhfuil na figiúirí ag na finnéithe inniu ó thaobh polasaí nua nuair atá sé seo críochnaithe? An leanfaidh sé ar aghaidh? Cad mar gheall ar an bpróiseas ó thaobh aitheantas a thabhairt do na scoileanna? Cé mhéad scoil atá laistigh den chóras seo anois? Níl mé ag iarraidh mo chuid ama a úsáid suas. An bhfuil na figiúirí sin ag na finnéithe? Tosóidh mé leis an gceist sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.