Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

An bhfuil ceist eile? Tá an t-am istigh. Cuirfidh mé críoch leis an gcruinniú muna bhfuil aon fhocal eile ó aon duine. Tá gach duine sásta. Déanfaidh mé anois an cruinniú seo a chríochnú agus clabhsúr a chur ar an díospóireacht ar an ábhar seo inniu. Gabhaim buíochas leis na heagrais ar fad, leis na finnéithe atá anseo agus le Páidí Ó Sé, atá sa scamall áit éigin. Tá sé thíos i gCorca Dhuibhne agus ag teacht isteach ar Microsoft Teams.

Is é sin deireadh leis an gcruinniú seo. Beidh an chéad chruinniú poiblí eile ag déileáil leis an ábhar seo arís. Tá sé i gceist go mbeidh sé ar siúl ar 1.30 p.m. an tseachtain seo chugainn i seomra coiste 4 agus go mbeidh an tAire Stáit linn. Chomh maith leis sin, tá cruinniú príobháideach againn amárach ag 2 p.m. chun déileáil le roinnt ábhar coiste. Tá an cruinniú seo curtha ar athló go dtí an cruinniú príobháideach amárach.

Gabhaim buíochas le gach duine a bhí anseo linn inniu: Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne; Eimear Ní Mhurchú, bainisteoir Fhorbairt na Dromoda; Victor Bayda, pleanálaí teanga Uíbh Ráthaigh; Norma Moriarty, comhairleoir contae agus ball de thascfhórsa Uíbh Ráthaigh; Fíona de Buis, gníomhaí pobail agus ball de thascfhórsa Uíbh Ráthaigh; Edel Ní Bhraonáin,gníomhaí teanga; agus Áine Uí Bheoláin, bainisteoir Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.