Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 17 May 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Ceannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022: Grinnscrúdú Réamhreachtach (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá taithí againn anseo ar chruinnithe oscailte agus ar chruinnithe príobháideacha ag chuile choiste ar fad, fiú an coiste seo. Pléitear rudaí áirithe ag cruinnithe príobháideacha. Dá mbeadh litir curtha isteach ag duine go príobháideach phléifí ansin é. Ní fhéadfadh muid é sin a scaoileadh. Céard é barúil na finnéithe faoi phlé oscailte a dhéanamh ar chúrsaí polasaí agus ar fhorbairt pholasaí agus tograí agus rudaí den chineál sin agus rudaí gnóthaí a phlé go príobháideach agus bídís príobháideach? Nó an bhfuil na finnéithe in aghaidh cruinnithe a bheith oscailte ar chor ar bith?

Gabhfaidh mé ar aghaidh agus cuirfidh mé na ceisteanna ar fad mar tá go leor ceisteanna agam. Tagraím do bhallraíocht. Luadh Tír Chonaill agus Ciarraí. Céard faoi Mhaigh Eo? Níl aon cheangal idir Iorras agus Acaill agus Acaill agus deisceart Mhaigh Eo. B'fhéidir go bhféadfaí deisceart Mhaigh Eo a cheangail le Gaillimh ach cruthaíonn tú fadhb ansin mar tá dúiche Sheoigheach agus deisceart Mhaigh Eo scoilte amach ón gcuid eile de Chonamara. Má bhíonn toghchán, fiú nuair a bhí beirt tofa as Chontae Mhaigh Eo bhí an beirt acu in Iorras. Tá níos mó daonra in Iorras ná mar atá i dTuar Mhic Éadaigh.

Céard a dhéanfaí in Acaill? Tá daonra an-bheag in Uíbh Ráthach, mar shampla, le daonra an-bheag ar fad gur cainteoirí laethúla Gaeilge iad. Tuigim an argóint atá in aghaidh sin; is é sin Contae na Mí agus mar sin de agus fiú taobh istigh de Chontae na Mí tá fadhb ann idir Bhaile Ghib agus Ráth Chairn mar tá daonra Bhaile Ghib, ar pháipéar, níos mó ná daonra Ráth Chairn. Sin ceann de na fáthanna go bhfuil an riachtanas Gaeilge thar a bheith tábhachtach. Ó tharla go bhfuil na finnéithe ag moladh rud sonrach, ba mhaith liom an ceann sin a chaitheamh acu. Céard a dhéanfar maidir le Maigh Eo, go mór mór?

Leis an ndioscúrsa ginearálta a bhíonn ann i láthair na huaire shílfeá nach raibh aon mhaith le polaiteoirí ach níl náire ar bith orm a rá go bhfuil an-mheas agamsa ar pholaiteoirí. Déanann polaiteoirí an-leas agus tugann siad cothromas agus tuairim ón ngnáthphobal, b'fhéidir nach n-aithníonn an saineolas scataí, ag an mbord. É sin ráite, ní raibh páirtithe luaite ariamh in aon Acht údaráis go dtí seo. Ní fhéadfá seasamh do pháirtí i dtoghchán an údaráis. Má chuaigh daoine le chéile i ngrúpaí taobh istigh den údarás, b'shin a ngnó féin agus d'fhéadfadh siad é a dhéanamh, má raibh siad ainmnithe nó tofa. Áfach is é a mhalairt an taithí atá agamsa anseo. Mar shampla, ar na coistí Oireachtais ní bhrisimid síos mar pháirtithe riamh. Tá chuile dhuine as chuile dhearcadh agus bheadh iontas ag an dream taobh amuigh go bhfuil comhréiteach chomh mór sin. An gceapann na finnéithe go bhfuil fadhb le polaiteoirí nó le daoine tofa más polaiteoir atá in duine tofa?

Tá an cheist seo a leanas do Mhicheál. I ndréachtreachtaíocht a thug mé féin isteach, bhí moladh ann agus buaileadh ag bord Rialtais é. Ní raibh ionam ag an am ach Aire Stáit agus nuair a d'fhág mé an seomra rinneadh cinneadh gan dul leis an rud a bhí molta. Ag an am bhí mise den dearcadh nach raibh an t-údarás mar údarás forbartha tionscail ag obair nó ag feidhmiú i gcathair na Gaillimhe. Is beag feidhm a bhí aige sa chathair. Ar an mbunús sin, mhaígh mé go mba cheart go mbeadh ceantar feidhme ag an údaráis. Ní ghá go mbeadh ceantar feidhme ag an údarás a bheadh comhthreomhar leis an nGaeltacht. Níl aon rud a deir go gcaithfidh tú. Mháigh mé go mba cheart go mbeadh ceantar feidhme ag an údarás mar b'shin an rudde facto, de jureagus b'shin an Ghaeltacht seachas ceantar uirbeach na Gaillimhe. Cén tuairim a bheadh ag na finnéithe faoi sin?

Tagaim go hiomlán leis an gceist seo ar íocaíocht. Droch-chinneadh amach is amach a bhí ann nuair a rinneadh cinneadh daoine áirithe a chur ar bhoird Stáit is daoine eile gan iad a chur orthu. Má dhéanann tú an saothrú ba cheart go bhfaighfeá luach saothair. Droch-chinneadh a bhí ansin agus tagaim go hiomlán le hAnna Ní Ghallachair go gcaithfear déileáil leis an gceist sin. Aontaím léi maidir le saoire mháithreachais freisin. Caithfear socrú a dhéanamh le go mbeadh ionadaí ann.

Níl mé an-chompordach le hionadaithe sealadacha nuair a thoghtar daoine. Ní maith liom go mbeadh ballraíocht róscaoilte ann ach tuigim go bhfuil fadhb ann agus go gcaithfimid déileáil leis. Tá ceist amháin gur mhaith liom a chur ar na finnéithe. Déarfaidh mé go hoscailte nach bhfuilim i bhfabhar an leagan amach seo faoina mbeidh PAS ag cur na liostaí ar aghaidh. Tugann sé seo an-bhuntáiste dóibh siúd atá ag obair sa Státchóras agus níl sé cothrom mar chóras. Chuir mé ceisteanna Dála síos faoin méid iarArd-Rúnaithe Roinne agus mar sin de a bhí ceaptha ar bhoird ar mholtaí Aire ar mholtaí PAS. Tá an figiúr seo ag méadú mar tuigeann siad an córas. Tá taithí acu ar an top level appointments committee, TLAC, agus ar na córais seo. D'fhéadfadh duine a bheith an-mhaith ag déanamh agallamh agus is féidir le daoine eile a bheith go hiontach ar bhoird ach measartha maith nó gan a bheith go maith ag agallaimh den chineál áirithe sin, atá an-speisialta, cé go mbeadh siad thar cionn mar go bhfuil rud acu atá thar a bheith neamhchoitianta i saol na laethanta seo, common sense. An bhfuil na finnéithe go mór i bhfabhar an córas PAS nó an gceapann siad go bhfuil bealach níos fearr ann le daoine a roghnú seachas é?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.