Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 10 May 2023

Joint Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Development of Local Community Arts: Discussion

Ms Siubh?n Nic Grianna:

Fáiltíonn Ealaín na Gaeltachta roimh chuireadh bheith ina láthair inniu. Is páirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon é Ealaín na Gaeltachta a fhreastalaíonn ar sheacht gcontae Gaeltachta. Tá cultúr na Gaeltachta agus cothú na Gaeilge mar bhunchloch de gach cuid dár ngníomhaíochtaí. Tá forbairt agus cothú na n-ealaíon áitiúil agus pobail agus na n-ealaíon dúchasach agus comhaimseartha sa Ghaeltacht ina raison d'être ag Ealaín na Gaeltachta. Bunaíodh an comhlacht 25 bliain ó shin. Is feithicil lárnach agus tábhachtach é i bhforbairt cultúrtha, sóisialta, eacnamaíoch agus teanga na Gaeltachta. Anuraidh, thacaigh Ealaín na Gaeltachta le sé ionad ealaíon, 20 féile ealaíon, le os cionn 20 togra aonuaire ealaíon agus le 48 ealaíontóir aonair, a sholáthair imeachtaí agus ghníomhachtaí ealaíon agus a mheall rannpháirtíocht ó 350,000 ball den phobal agus 2,500 páiste óg nó duine óg ina measc.

I dtaca le hábhar plé an tseisiúin inniu, déanfaimid cúpla moladh. Tá roinnt de na moltaí seo déanta i ndoiciméad níos cuimsithí atá seolta faoi bhráid an chomhchoiste. Déanaim tagairt don infreastruchtúr ealaíon sa Ghaeltacht agus an tábhacht atá leis an infreastruchtúr sin. Tá sé aitheanta go bhfuil tionchar suntasach ag ionaid ealaíon lánaimseartha atá bainistithe go gairmiúil agus atá suite i lár an phobail ar chruthú agus ar chur i láthair raon foirmeacha agus chleachtais ealaíon. Is féidir leis na hionaid ealaín an pobal a nascadh agus a spreagadh, cultúir dhúchasacha agus éagsúla a cheiliúradh agus a athnuachan agus nasc beo bríomhar a éascú idir an pobal agus ealaíontóirí. Tacaíonn siad le cur chun cinn chleachtas ealaíon proifisiúnta, comhoibríoch, deonach agus amaitéarach i measc gach aoisghrúpa agus réimse sa tsochaí.

Cé go bhfuil ról tábhachtach ag imeachtaí ealaíon ar nós féilte agus Oíche Chultúir, is deacair tionchar ionad ealaíon a shárú mar áis a bhfuil sé de chumas aige freagairt go cruthaitheach do chomhthéacs agus riachtanais ilghnéithe an phobail.

Faoi láthair, Cuireann Ealaín na Gaeltachta maoiniú ar fáil do sé ionad ealaíne i dtrí chontae Gaeltachta ar bhunús bliantúil. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar an leibhéal maoinithe a chuirtear ar fáil do na hionaid sin le roinnt blianta anuas, tá gá cur leis an maoiniú sin agus leanúnachas an mhaoinithe a chinntiú. Thacódh sé sin le bunsheasmhacht agus inbhuanaitheacht a chur faoi na hionaid seo agus cuirfidh sé lena gcumas pleanáil don todhchaí. Moltar maoiniú a sholáthar ar bhunús ilbhliantúil do na hionaid ealaíne seo, bíodh sé sin trí lárchiste na Comhairle Ealaíon nó trí chiste breise tacaíochta ilbhliantúil a sholáthar d'Ealaín na Gaeltachta. Moltar chomh maith go mbeidh comhpháirtíocht agus tacaíocht idir-rannach ar fáil chun na bearnaí atá aitheanta san infreastruchtúr ealaíne i gcontaetha Gaeltachta uile nach bhfuil ionad ealaíne iontu a líonadh.

Maidir le forbairt agus cothú na n-ealaíon teangabhunaithe, tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag ealaíontóirí a dhéanann ár gcultúr Gaelach, ár dteanga dhúchais agus ár n-oidhreacht a cheiliúradh tríd na cleachtais ealaíne. Is acmhainní fíorluachmhar iad ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge agus is gá iad a chothú. Aithníodh é seo cúpla bliain ó shin nuair a rinneadh cinneadh straitéis náisiúnta d'ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara go léir i réimse na n-ealaíon agus na Gaeilge taobh amuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht. Díríonn an straitéis sin ar chomhordú agus ar chomhoibriú i bhforbairt na n-ealaíon Gaeltachta agus Gaeilge a neartú, ar phróifíl na n-ealaíon a mhéadú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus ar dheiseanna nua a aimsiú chun tacú leo. Molann muid don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a thionscain an obair seo, an straitéis náisiúnta d'ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhoilsiú go luath agus oibriú i dtreo na moltaí atá luaite ann a fheidhmiú i gcomhair leis na páirtithe leasmhara cuí. Molann muid chomh maith d'eagraíochtaí náisiúnta a bhfuil sé de dhualgas orthu tionchar lárnach a imirt ar fhorbairt cúrsaí ealaíne na tíre feabhas agus forbairt a dhéanamh ar leibhéal agus caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann siad ar fáil do phobal na Gaeltachta. Moltar chomh maith an cinneadh atá déanta ag an gComhairle Ealaíon le gairid ceann ealaíne do na healaíona Gaeilge a cheapadh.

Ní féidir leis na healaíona áitiúla agus pobail a scaradh ó na mórcheisteanna a imríonn tionchar ar an tsochaí. Ar nós na tíre i gcoitinne, is pobal ilchultúrtha pobal na Gaeltachta. Is pobal tuaithe é den chuid is mó agus imríonn easpaí infreastruchtúir agus an ghéarchéim tithíochta agus lóistín tionchar ar éagsúlacht agus inmharthanacht an phobail féin agus ar a gcumas a bheith rannpháirteach san ealaín. Tá na féilte ealaíne go mór faoi bhrú agus iad ag iarraidh lóistín a aimsiú d'aoi-ealaíontóirí ar chostas réasúnta, gan a bheith ag caint ar an lucht freastail. Má táimid i ndáiríre faoi phobal inmharthana, beo, bríomhar agus cruthaitheach a bheith againn i gceantair Ghaeltachta, is gá a chinntiú go bhfuil an soláthar infreastruchtúir ar fáil.

Mar fhocal scoir, tá Ealaín na Gaeltachta ag plé go laethúil le pobail tuaithe, pobail ealaíne agus pobail le Gaeilge. Is cnámh droma ár gcleachtais mar eagras ná meas a bheith againn ar chruthaitheacht gach ball den phobal, tacú leis agus tacú leis na healaíontóirí iad féin ach go háirithe. Is fúinn go léir atá sé a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí cuí ann. Glacaim an deis seo lenár mbuíochas a ghabháil leis an gComhairle Ealaíon, leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, le hÚdarás na Gaeltachta, le hÉire Ildánach agus le heagrais eile nach iad as na comhpháirtíochtaí agus tacaíochtaí leanúnacha a chuireann siad ar fáil d'Ealaín na Gaeltachta. Níos tábhachtaí arís, tugaimid aitheantas ar leith do na healaíontóirí, do na heagrais ealaíne, do na coistí deonacha agus don phobal i gcoitinne arb earnáil na n-ealaíon Gaeltachta agus Gaeilge iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.