Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 19 April 2023

Joint Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Engagement with Chairperson to the Board of RTÉ

Ms Si?n N? Raghallaigh:

Sílim go bhfuil craoltóireacht Ghaeilge mar atá sí faoi láthair, ach go háirithe le TG4 agus Raidió na Gaeltachta, in áit iontach maith. Déanann TG4 a ghnó mar fhoilsitheoir-craoltóir. Sin an modh atá acusan. Tá neart oibre déanta ag RTÉ le roinnt blianta anuas ó thaobh an méid clúdach Gaeilge atá siad ag déanamh agus ag coimisiúnú ón taobh amuigh. Le Gaeilge, táimid lárnach ann, RTÉ agus TG4. Oibríonn muid le chéile, mar is eol don Seanadóir, agus cuireann RTÉ roinnt uaireanta an chloig ar fáil fá choinne TG4 fosta. Sílim go bhfuil sé in áit iontach maith. Tá neart le déanamh, mar aon leis an méadú atá le déanamh ó thaobh cláir Bhéarla agus teangacha eile. Tá neart le déanamh ach táimid in áit mhaith agus tá sárobair déanta ag TG4, RnaG agus RTÉ.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.