Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas as sin. Cuirfimid críoch ansin leis an gcruinniú anseo agus gabhaim mo bhuíochas arís leo siúd ar fad, na finnéithe a bhí anseo, do Fintan Towey, Belinda Ní Threasaigh, Douglas Kelly agus Luke Varley, as an gcabhair a thug siad dúinn díriú isteach ar an gceist seo. Tá súil agam go raibh tairbhe éigin le baint as an gcomhrá inniu agus go mbeimid ag teacht ar ais go dtí an t-ábhar fuíolluisce seo, agus uisce sa chóras agus sna sráidbhailte i gceantair Gaeltachta. Agus é sin ráite agam, cuirim clabhsúr leis an díospóireacht ar an ábhar.
Beidh an chéad chruinniú eile ar siúl againn ar an 29 Márta, an tseachtain seo chugainn, ag an am céanna, 1.30 p.m., i seomra coiste 4 nuair a phléifimid an ábhair, ag múnlú ár dtodhchaí dhátheangaigh, cumas agus toilteanas Fhondúireacht Eolaíochta Éireann seirbhís phoiblí dhátheangach iomlán a chur ar fáil go réamhghníomhach dá chustaiméirí. Beidh na hionadaithe thar ceann Fhondúireacht Eolaíochta Éireann anseo, dá réir. Beidh cruinniú príobháideach againn den chomhchoiste ar 2 p.m. Dé Máirt seo chugainn chun déileáil le roinnt de na tuarascálacha atáimid fós ag fanacht orthu agus scaipfear iad ar na comhaltaí roimh ré agus iad a bheith faighte againn.
No comments