Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tháinig an cheist seo ar fad chun cinn nuair a bhí muid ag déileáil leis na treoirlínte maidir le pleanáil Gaeltachta agus le ceisteanna ó roinnt Teachtaí as ceantair Ghaeltachta timpeall na tíre. Bhí frustrachas orthu toisc nach raibh na ceantair sin in ann fás i gceart. Ní féidir tithe a thógáil sna ceantair sin don phobal atá lonnaithe iontu nó do phobal breise. Iarradh orm cuireadh a thabhairt don Roinn agus d'Uisce Éireann. Níor tháinig Uisce Éireann go fóill so iarrfaimid arís air teacht isteach agus déileáil leis na ceisteanna seo mar is léir go bhfuil ról lárnach aige. Is é an cheist atá agam ná, toisc go bhfuil scéimeanna ar leith anseo, an raibh smaoineamh riamh ar scéim ar leith a fhorbairt do cheantair Ghaeltachta chun cuidiú leis an dualgas atá ar an Stát cosaint bhreise a thabhairt do cheantair agus do phobail Ghaeltachta chun gur féidir leo ní hamháin maireachtáil ach fás? Tá géarghá tosaíocht áirithe a thabhairt dóibh nach bhfuil siad ag fáil ón státchóras nó ó na comhairlí contae. Tá éileamh ó dhaoine, agus ó chlanna agus lánúineacha ó na ceantair sin ach go háirithe, lonnú sa Ghaeltacht. An fiú smaoineamh ar scéim ar leith a bhunú agus maoiniú ar leith a chur ar fáil tríd an Roinn, trí Uisce Éireann nó tríd an údarás chun déanamh cinnte de nach mbeadh aon mhoill den chineál a luaigh an Teachta McHugh ann?

Sa chás sin, tá gach duine ar aon intinn agus ag fanacht cúig bliana ar dhuine éigin ó áit éigin chun cinneadh a dhéanamh go dtógfar an scéim fuíolluisce chun cuidiú le plean eastáit chun, measaim, 20 teach a thógáil. Bhí an rud céanna i gceist nuair a bhí Comhairle Contae Chorcaí os ár gcomhair timpeall dhá bhliain ó shin. Bhí fadhbanna aige toisc nach raibh lámh amháin ag labhairt leis an lámh eile chun cuidiú leis eastáit tithíochta a thógáil i gceantair Ghaeltachta chun cur leis an bpobal agus, dá réir, an tseirbhís phoiblí a bheith ar fáil dóibh siúd atá ag tógáil clann as Gaeilge. Is é sin an chéad cheist atá agamsa, tar éis a bheith ag éisteacht leis an méid ag an gcoiste anseo.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil lenár bhfinnéithe as a bheith anseo ach, chomh maith, má tá aon eolas breise acu le cur ar aghaidh chugainn, iarraim orthu é sin a dhéanamh, lena dtoil, mar tá mé chun iarracht eile a dhéanamh Uisce Éireann a thabhairt os ár gcomhair chun déileáil leis na ceisteanna atá ag teacht chun cinn faoina ról, mar a luaigh ár bhfinnéithe, maidir le bailte le 2,000 duine ann. Ní díreach an Ghaeltacht atá i gceist anseo mar tá na bailte seirbhíse ann. Tá bailte ann sa Ghaeltacht agus tá breis is 2,000 duine ann. D'fhéadfadh duine dul go dtí Daingean Uí Chúis, mar shampla, nó Leitir Ceanainn. Níl a fhios agam cé mhéad duine atá sna bailte sin ach tá i bhfad Éireann níos mó ná 2,000. Tá bailte timpeall ansin agus is é an ról atá acu ná cuidiú leis an nGaeltacht fás. Tá siad aitheanta i reachtaíocht agus ag an Stát. Tá dualgas breise acu, seachas na cinn eile atá acu, díreach do na ceantair Ghaeltachta agus b'fhéidir go bhféadfaí, mar tá focal éigin ann nach bhfuil ag rith liom faoi láthair, an dá lámh nó an dá chuid den aigne bualadh le chéile chun déileáil leis na ceisteanna seo. Is ceisteanna ríthábhachtacha iad sin má tá duine ag smaoineamh ar lonnú nó ar chomhlachtaí a lonnú sna ceantair seo, nó má tá an t-údarás ag iarraidh cur leis na heastáit tionsclaíochta atá acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.