Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Leis na DPIs, tuigim go bhfuil an bhéim ar fad ar chinn atá níos lú ach atá ag freastal ar eastáit tithíochta áit gur féidir an DPI a chur ar leataobh agus an córas a cheangal isteach chuig córas Uisce Éireann agus leanúint ar aghaidh. Ag an am céanna, tá cinn níos mó a bheadh ábalta freastal ar shráidbhaile iomlán, cosúil le Crois an Bharraigh. An bhfuil béim orthu sin nó an féidir breis béime a chur orthu mar is féidir leo ní hamháin freastal ar na tithe áirithe atá ceangailte leo faoi láthair ach tithíocht a scaoileadh sa sráidbhaile ar fad, talamh atá zoned cheana féin? Is féidir talamh mar sin a scaoileadh más féidir bogadh na DPIs ceann scríbe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.