Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá ábhar amháin eile agam. Díreoidh mé isteach ar an €50 milliún agus an DPI sna 23 iarratas atá tagtha ó chomhairlí contae ar fud na tíre. An scéimeanna beaga iad atá ag freastal ar eastát agus gur féidir iad a dheisiú nó a cheangal isteach chuig córas Uisce Éireann nó an bhfuil béim ar scéimeanna níos mó a bheadh mar cheann scríbe don shráidbhaile ar fad, cur i gcás Chrois an Bharraigh i gContae Chorcaí?
No comments