Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá dhá cheist fágtha agam. Ar cheistigh an Roinn Uisce Éireann riamh faoi theanga? An mbeidh sí ag bualadh leis arís sula i bhfad? An leagfaidh an Roinn síos, mar cheann de na spriocanna ar chlár na gcruinnithe atá le teacht, Uisce Éireann a cheistiú mar gheall ar pholasaí an Rialtais maidir le teanga agus maidir leis an tslí ina gcuireann sé an polasaí sin i bhfeidhm chun freastal ar phobal na Gaelainne? An ndéanfaidh an Roinn é sin? An gcuirfidh sí an cheist seo os comhair Uisce Éireann? An seolfaidh sí na freagraí ar ais, más féidir? An rachaidh sí sa tóir ar Uisce Éireann mura ndéanann sé freastal ar phobal na Gaeltachta? Is é sin an chéad cheist. B'fhéidir go bhfreagróidh Fintan Towey é sin ar dtús agus díreoimid ar an ábhar eile ina dhiaidh sin.
No comments