Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá na róil éagsúla ann agus ba cheart go mbeadh siad fully joined-up. Baineann cuid acu le tithíocht, cuid acu le teanga, agus a leithéid mar sin ar aghaidh. Is dóigh liom nach bhfuil siad fully-joined up agus go bhfuil easnamh mór ansin, go háirithe maidir le teanga. Nuair nach bhfuil na róil atá ag Uisce Éireann joined-up nó ag comhlíonadh spriocanna áirithe, an dtarraingíonn, an iarrann nó an gceistíonn Roinn ár bhfinnéithe anseo Uisce Éireann fúthu sin?

Chun go mairfeadh an Ghaeltacht, tá gá go mbeadh daoine ann agus ina gcónaí inti. Ní féidir go mbeadh Gaeltacht gan phobal agus tá deacrachtaí ag pobal na Gaeltachta tithíocht a thógáil, ní hamháin sna ceantair thuaithe ach sna sráidbhailte chomh maith. Tá Uisce Éireann ag brú ar aghaidh in áiteanna difriúla ag cur córais shéarachais agus uisce, agus mar sin de, i bhfeidhm. I mBaile Bhuirne, mar shampla, tá córas séarachais curtha chun cinn aige. In áiteanna eile - i mBéal Átha an Ghaorthaidh, mar shampla - níl siad ag freastal ar an bpobal agus is amhlaidh nach féidir le muintir na háite tithe a thógáil sna sráidbhailte toisc easpa an chórais atá ag Uisce Éireann. Tá sé soiléir, mar sin, nach bhfuil Uisce Éireann ag freastal ar phobal na Gaeltachta.

Tá polasaí an Rialtais ann maidir le tithíocht agus is é sin an chúis a bhfuil ár bhfinnéithe anseo. Tá polasaí ag an Rialtas chomh maith maidir le teanga. Tá gá práinneach le tithíocht, agus gá freisin go mbeadh pobal Gaeltachta ann agus go mbeadh tithíocht aige chomh maith. Conas a bhféadfadh an Roinn seo dul i ngleic le hUisce Éireann agus plé leis chun é a dhíriú chun freastal ar phobal a bhfuil sé ag déanamh faillí orthu faoi láthair? Tá na spriocanna againn ó thaobh teanga, tithíochta agus a leithéid. Tá súil agam go bhfuil an Roinn atá i láthair linn inniu ag plé go rialta le hUisce Éireann mar gheall ar na spriocanna éagsúla. An bhfuil an Roinn, mar sin, ag díriú isteach ar Uisce Éireann mar gheall air sin? Conas a bhféadfadh an Roinn dul i ngleic le hUisce Éireann chun é a tharraingt isteach agus aird a tharraingt ar a leithéid de bhailte mar Bhéal Átha an Ghaorthaidh, agus ar áiteanna eile a bhfuil Uisce Éireann ag déanamh faillí ar phobal na Gaeltachta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.