Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 March 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus fearaim fáilte roimh ár bhfinnéithe. Táim an-bhuíoch as an tuairisc agus thug siad léiriú an-mhaith ar na scéimeanna éagsúla atá ann.
Táim dírithe go háirithe ar phobal na Gaeltachta. Tá polasaí an Rialtais ann chun tacaíocht a thabhairt don teanga agus do phobal na Gaeltachta. Tá an tAire Stáit an-bháúil ó thaobh na teanga agus phobal na Gaeltachta de. Tá ról ag ár bhfinnéithe, ní hamháin sa Roinn ach i ngach gnó a bheadh ag an Roinn chomh maith, chun polasaí an Rialtais a chur i bhfeidhm, polasaí na Gaeilge agus an polasaí maidir leis an teanga na measc. Is baolach nach bhfuil Uisce Éireann dírithe ar chúrsaí teanga. Tá sé dírithe níos mó ar thruailliú agus ar fhorbairt nuair atá sé ag díriú isteach ar an gcineál córais a chuirfidh sé chun cinn.
An bhfuil éifeacht ag an Roinn ar spriocanna Uisce Éireann mura bhfuil sé ag leanúint polasaithe an Rialtais? An mbíonn plé ag an Roinn le hUisce Éireann maidir leis na spriocanna atá ag an Roinn a leagan síos chun an comhlacht sin a threorú mar gheall orthu, agus chun é a cheistiú mura bhfuil polasaithe an Rialtais á gcur san áireamh aige? An bhféadfadh ár bhfinnéithe tuairisc a thabhairt air sin agus ar an saghas comhráite a bheadh acu, ní hamháin maidir le polasaí teanga agus na Gaeilge, ach má tá polasaithe eile a bhfuil Uisce Éireann ag tabhairt neamhaird orthu? Ní fheadar an bhfuil, ach an ndíríonn an Roinn seo acu isteach orthu sin agus an bhféadfadh ár bhfinnéithe léiriú a thabhairt dúinn air sin, lena dtoil?
No comments