Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Bhíos ag éisteacht leis an méid a bhí á rá ag Fintan Towey nuair a bhí sé ag caint mar gheall ar na glomerations. Tá fadhbanna i gCiarraí, lasmuigh den Ghaeltacht, i mbailte beaga cosúil le Mainistir Ó dTorna, An Fhianait, Gleann Beithe agus Caisleán Ghriaire. Níl ach Imhoff tank ag Castlegregory. Níl féidir dhá theach a thógáil sna ceantair sin. Tá an Fhianait ag deireadh an bealach glas agus ní féidir aon infheistíocht a chur isteach sna háiteanna sin. Táimid ag caint anseo mar gheall ar an nGaeltacht áfach agus tá rud éigin cosúil leis sin sa Chlochán. Níl mé cinnte an Imhoff tank atá ann ach níl ach tank mór ansin and the waste washes back out there. Is soiléir go bhfuil fadhbanna ann sa Chlochán. I gcás ceantar Mhúscraí i gContae Chorcaí, tá an sláinte áitiúil i mbaol i mBéal Átha an Ghaorthaidh toisc go bhfuil séarachas bailithe le chéile de thairbhe bonneagar uisce atá as dáta. Ciallaíonn sé sin chomh maith nach bhfuil sé de chumas ag an gcóras uisce déileáil le gnólachtaí nua a bhunadh nó, cosúil leis an scéal i gCiarraí, tithe nua a thógáil. Tuigim go ndúirt na finnéithe go raibh siad ag caint ar bhailte ina bhfuil 2,000 duine ina gcónaí ach tá sé an-tábhachtach infheistíocht a dhéanamh ar leithinsí cosúil le Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach. Chun daoine a choimeád ina gcónaí faoin tuath sna háiteanna sin, is gá go ndéanfar infheistíocht sna háiteanna céanna. Ní dóigh liom féin go bhfuil dóthain airgid sa bhuiséid. Ní raibh a lán airgid breise ann chun cur leis na bailte beaga sin, daoine a choimeád iontu, agus chun a chinntiú nach raibh cúrsaí sláinte áitiúil i mbaol. Luadh sa ráiteas tosaigh go bhfuil an plean infheistíochta caipitil do dhramhuisce dírithe ar chathracha, ar bhailte agus ar shráidbhailte ach ní fheicim airgead breise ag dul isteach sna bailte sin i gCiarraí. Táimid ag caint mar gheall ar na háiteanna sna Gaeltachtaí ach tá fhadhb níos mó ná sin i gCiarraí.

Luaigh Fintan Towey na heastáit a bhí ann ó na 1990idí go dtí an crash. Tagraím d’eastáit faoi leith in áit a bhfuil DPI i gceist - Lios an Phúca an t-ainm atá air i nGaolainn ach Beaufort i mBéarla. Tá eastát ansin agus níl an chomhairle contae in ann take it in charge mar tá a lán fadhbanna ann cosúil le cosáin, chomh maith le fadhbanna le cúrsaí uisce. Tá gá le níos mó infheistíocht. An bhfuil aon tuairimí ag Fintan Towey conas is fearr brú a chur ionas gur féidir níos mó airgid a thabhairt do na bailte sin?

Mar a dúirt mé, cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir chuig an seomra coiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.