Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is féidir liom an t-eolas sin a léamh. Is é an rud atá á rá agam ná go bhfuil easpa infreastruchtúir riachtanach sna Gaeltachtaí ar fud na tíre. Is í an Ghaeltacht is mó a bhfuil á lua agamsa mar tá an easpa chomh mór sin. Tá impleachtaí ann don teanga ó thaobh daoine a bheith in ann saol nó beatha a bhaint amach. Tá sé de dhualgas ar an Roinn monatóireacht a dhéanamh, na bearnaí a aimsiú agus polasaí a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.