Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Iarraim go dtabharfaí briseadh síos dúinn ní tar éis an chruinnithe ach chomh sciobtha agus is féidir. Ritheann sé liom go bhfuil cuid den chóras sa Dáil ag rá gur chóir dúinn fáil réidh le cúrsaí pleanála agus rudaí a bhrostú suas. Ag féachaint ar an méid a rinneadh sna 1990idí nuair a bhí a lán airgid sa tír, níor chuireamar na rialacha i bhfeidhm agus ligeamar dóibh.

Tá mé chun críochnú le dhá rud eile. Rinneadh tagairt san aighneacht don anailís atá déanta. Rinne an Roinn athbhreithniú in 2021 agus leagtar amach cén sórt athbhreithniú a bhí ann. An bhfuil an t-athbhreithniú sin ar fáil nó ar foilsíodh é? Cuirtear factors nó rudaí éagsúla san áireamh ach ní chuirtear an teanga san áireamh, beag nó mór. Níl an Ghaeilge mar cheann de na riachtanais. Tá an t-athbhreithniú déanta; an bhfuil sé foilsithe? An bhfuil ról le feiceáil ó thaobh na Gaeilge de?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.