Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Tá sé deacair feidhmiú i dhá theanga.

Léigh mé an ráiteas tosaigh agus an cháipéis seo i nGaeilge. Níl aon rud i mBéarla agam. Tá sé thar a bheith deacair. Bhí mé chun comhghairdeas a ghabháil leis na finnéithe as ucht chaighdeán na Gaeilge sa ráiteas tosaigh. Is dóigh gurb é an rannóg aistriúcháin atá i gceist anseo. Tá caighdeán iontach anseo atá i bhfad níos airde ná mo chaighdeán féin. Ba mhaith liom é sin a rá i dtús báire. Bhí mé ag súil le togha na Gaeilge ó na finnéithe. B'fhéidir go bhfuil céim tugtha acu. Níl a fhios agam.

Is coiste Gaeilge é seo ach go háirithe. Ní coiste pleanála nó coiste mar sin muid. Éiríonn an t-ábhar seo as na dreamanna a tháinig os ár gcomhair a chuir in iúl na deacrachtaí agus na constaicí atá i gceist ó thaobh a bheith lonnaithe sna Gaeltachtaí. Is é sin croílár na ceiste dúinn. Tháinig Tuismitheoirí na Gaeltachta agus dreamanna eile os ár gcomhair. Táim ag smaoineamh ar na húdaráis áitiúla ach go háirithe. Bhí na dreamanna cosúil le Tuismitheoirí na Gaeltachta ag díriú solais ar na fadhbanna agus cad a bhí ag teastáil. Bhí na húdaráis áitiúla ag cur in iúl, nó ag nochtadh, nach raibh tuiscint rómhaith acu maidir leis na dualgais atá acu ó thaobh na Gaeilge de. Is é sin an comhthéacs agus tá cúpla ceist agam laistigh den chomhthéacs sin.

Luaigh Fintan Towey togra píolótach agus é ag tabhairt freagra don Teachta Ó Cuív. Luaitear ar leathanach 3 den cháipéis atá agam anseo é. Tá €50 milliún i gceist go dtí 2025. Tá suim agam féin agus ag an gcoiste san ábhar ach níl an t-eolas riachtanach ag na finnéithe ó thaobh líon na 23 iarratas sin a bhaineann le ceantair Ghaeltachta. Is togra faoi leith é. Tá €50 milliún i gceist. Níl aon easpa airgid ann ach níl aon bhriseadh síos ar an rud is práinní dúinn. Cad iad na ceantair Ghaeltachta a chuir iarratas isteach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.