Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Riachtanais Bailithe agus Cóireála Fuíolluisce sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Tá fadhb anseo. Tá Oireachtas Éireann ann agus táimid freagrach don phobal. Nuair a chuirtear an cheist sin ar Uisce Éireann, ní fhreagróidh siad an cheist ach oiread. Tá sé in am go mbeadh a fhios ag an bpobal é seo mar tá 30% nach bhfuil séarachas acu agus tá sé de cheart acu siúd fios a bheith acu cé mhéad atá á chaitheamh ar shéarachas agus cé mhéad atá á chaitheamh ar uisce. Tá 30% nach bhfuil ag fáil buntáiste dá laghad as an gcaiteachas ar shéarachas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.