Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 8 March 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seachtain na Gaeilge: Cruinniú leis na Scoileanna

Ms Aoibh?nn N? Cheallaigh:

A dhaoine uaisle, ba maith liom a rá leis an gcoiste seo cé chomh buíoch is atá mé le bheith ag labhairt leis inniu. Is topaic shuimiúil shuntasach atá idir lámha agam ach tá súil agam go mbeidh an coiste toilteanach éisteacht le mo chuid tuairimí agus taighde.

Nuair a iarradh orm labhairt ar neodracht na hÉireann, líon mo chroí le bród dár dtír agus smaoinigh mé ar an oileán seo againne. Agus a chairde, ní miste liom a rá gur aithin mé locht i bhfoclaíocht na topaice. Tá ár gcairde linn ó chontae Thír Eoghain anois, agus mar Mhuineachánach, tá sé sin deacair le rá, ach cairde is ea iad, ach níl an pribhléid chéanna acu is atá ag na daoine a chónaíonn sna Sé Chontae Fichead. Níl neodracht acu. Is mór an trua é ach níl. Is fiú cuimhneamh air sin agus muid ag leanúint leis an gcomhrá seo.

Shoiléirigh an Teachta Micheál Martin é seo, agus é mar Thaoiseach, le linn dó plé a dhéanamh ar an gcogaíocht sa Úcráin. Dúirt sé nach bhfuil muid neodrach ó thaobh na polaitíochta de ach go bhfuilimid neodrach ó thaobh cúrsaí míleata de. Is ball den Aontas Eorpach muid agus, mar sin, oibrímid lenár gcomhghleacaithe san Aontas Eorpach maidir le cineálacha cur chuige iltaobhacha atá bunaithe ar rialacha maidir le díospóidí idirnáisiúnta. Tá an t-idirdhealú tábhachtach ach, ag an am céanna, léiríonn sé seo na deacrachtaí atá ann ag sainmhíniú na neodrachta agus cad is neodracht ann dúinn anseo.

Maidir leis an Deisceart, is dócha go bhfuil ár neodracht fréamhaithe sa Dara Cogadh Domhanda nuair a dhiúltaigh an Saorstát páirt, taobh nó seasamh oifigiúil a ghlacadh ann. Tugadh neamhthrodaí air sin ag an am agus ba é sin tús an aistir atá fós á dhéanamh againn.

Ba sheasamh nach raibh an-mheas ag roinnt mhaith tíortha air ag an am ach, leis an Stát fós ag dul don atógáil tar éis Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad, ba chneasú a bhí ag teastáil uainn.Níl sé sin le rá go ndearnadh neamhaird ar an gcogadh ina iomláine. Ba é sin tús leis an aistear agus forbairt ar an tuiscint ar neodracht, atá in amanna iontach solúbtha. Seoladh na saighdiúirí in airm na gcomhghuaillithe a tháinig i dtír nó chun talamh sa Stát trasna na teorann go Béal Feirste, agus rinneadh imtheorannú ar na saighdiúirí a tháinig anseo a bhí faoi chumhachtaí na hAise i gcampa an Churraigh go deireadh an chogaidh.

Ba dheacair an seasamh ag an am ag Rialtas an Stáit óig agus, fiú anois, bítear á phlé an raibh sé de cheart ag an Stát seo é sin a dhéanamh. Le Churchill ar tí áth-ionradh a dhéanamh ar an tír, is cinnte gur cróga a bhí an cinneadh sin.

Ach cad mar gheall ar an lá atá inniu ann? Is cinnte go bhfuil meas ag muintir an domhain ar an seasamh neodrach atá againn sa tír seo. Cé gur beag an daonra atá againn, tá an t-oileán lonnaithe in áit fhíorthábhachtach. “Location, location, location”, mar a deirtear.

De réir an Rialtais féin, is snáithe tábhachtach dár mbeartas neamhspleách eachtrach é beartas na hÉireann maidir le neodracht mhíleata le fada an lá, agus is sainairíonna iad neamhchomhaltas i gcomhghuaillíochtaí míleata nó i gcomhshocruithe cosanta.

Tá neodracht na hÉireann éagsúil nuair a chuirtear í i gcomparáid leis an gcuid de na tíortha eile. Tá fórsaí móra ag an tromlach de na tíortha eile. Tá fórsaí cosanta measartha beag ag Éirinn, de níos lú ná 8,000 pearsanra iontu sa líon is déanaí. De réir alt ón The Irish Times, bhí iar-ghinearál na Fionlainne ag rá nach dtig leis an tír leanúint le fórsaí cosanta chomh beag sin.

Bheadh an difir is mó eile ar an difir is conspóidí. De gnáth, ní cheadaíonn stáit neodracha aon mhíleata eachtrach laistigh dá gcríoch. Tá stair fhada ag Éirinn cead a thabhairt d’aerárthaí míleata teacht i dtír ag Aerfort na Sionainne. Más ceart nó mícheart é sin, ní athrú mór é, i ndáiríre, ón bpolasaí a bhí ag an Stát sna tríochaidí. De réir iar-Thaoiseach Enda Kenny: “is í an fhírinne, níl Éire neodrach. Nílimid ach gan ailíniú.”

Is tír dhaonlathach bhunreachtúil í Éire agus tugann sé sin an spás dúinn ár dtuiscint a athrú agus múnlú a dhéanamh ar cad is neodracht na hÉireann ann. Ní hionann neodracht agus a rá nach mbíonn Éireannaigh sa bhearna bhaoil timpeall an domhain, ag cosaint cosmhuintir tíortha eile mar chuid d’fhórsaí na Náisiún Aontaithe. Faraor, cailleadh Seán Rooney sa tseirbhís sin. Mar sin, ní topaic theoiriciúil atá á plé againn tráthnóna inniu ach fíor-rud.

Seasann an neodracht do rud éigin. Aithníonn muid nach fórsa mór muid agus ní bheadh gaois Sholaimh ó dhuine chun é sin a fheiceáil, ach tá tionchar mór againn timpeall na cruinne. Tá ár gcultúr, ár dteanga, ár gcluichí agus ár ndaoine againn agus b’fhéidir go gcuidíonn an neodracht leis an fháilte mhór Uí Cheallaigh a thugtar dúinn i dtíortha eachtracha. Agus nach maith an rud é sin.

Tá stair fhoréigneach ag na hoileáin seo. Ar feadh na gcéadta bliain, is beag an cogadh nach raibh cathlán Éireannach ann, uaireanta ar an dá thaobh. Ní bheadh sé de cheart a rá nach bhfuil an troid ionainn. B’fhéidir gur tús de thréimhse síochánta d'Éirinn go mbeimid ag forbairt agus ag fabhrú na neodrachta, ní hamháin trí ghníomh ach trí eiseamláir.

Deirtear nach féidir ceann críonna a chur ar ghuaillí óga.Bhuel domsa, mothaím gur dearfach an rud é go raibh ceann de na náisiúin is óige in ann an seasamh is ciallmhaire a ghlacadh, agus a muintir a choinneáil sábháilte ag an am céanna.

Ní rud rómánsúil í cogaíocht agus troid agus is fiú cuimhneamh air sin fosta. Mura ndéanann neodracht na hÉireann aon ní eile, is cinnte go sábhálann sé beatha daoine. Bíodh sé fíor nó cur i gcéill ach ní féidir é sin a shéanadh.

Is é sin an oiread atá le rá agam faoi Oileán na Naomh is na nOllúna. Go raibh maith ag an gcoiste as a n-éisteacht liom inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.