Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 March 2023

Joint Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Registration of Short-Term Tourist Letting Bill 2022: Discussion (Resumed)

Ms M?ire N? Mhurch?:

Níl aon fhadhb leis an mBille é féin. Teastaíonn uainn go mbeadh clárúcháin ann. Nuair a thosaigh mise gnó os cionn 20 bliain ó shin, bhí córas clárúcháin ag Fáilte Ireland agus caitheadh amach an doras é in 2007. In 2009, caitheadh amach an Gulliver booking system a bhí aige agus anois tá sé ag tabhairt ceann ar ais. Tá gá le clárúcháin, ach an fhadhb leis na clárúcháin ná go bhfuil ceist á cur an bhfuil ceadúnas pleanála ag daoine le haghaidh short-term rental, STR. Mar a fuarthas amach i gCill Áirne an oíche faoi dheireadh, níl sé fiú ar an liosta ag an gcomhairle contae mar áit gur féidir pleanáil a fháil. Tá óstáin, bed and breakfasts, na guesthouses agus caravan and camping ann ach níl aon tithe féin-lóistín ar an liosta acu so ní féidir pleanáil a fháil ansin.

Maidir leis na RPZs, tá éileamh difriúil sna cathracha ná mar atá sna háiteanna iargúlta. Is as áit iargúlta sinn beirt. Tá gá le turasóirí teacht go dtí na háiteanna iargúlta, fanacht ann agus airgead a chaitheamh ann. Ba chóir go mbeadh slí shimplí ann do na daoine sin ceadúnas pleanála a fháil, gnó a bheith acu agus dul ar aghaidh leis an ngnó. Sna cathracha, is rud difriúil é. Tá liostaí tugtha againn don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta - ceann gairid agus ceann fada – leis na fáthanna gur chóir cead a bheith ag daoine fanacht á dhéanamh seo. An chéad fháth ná má tógadh an tigh mar thigh féin-lóistín sa chéad áit. Bhí grúpaí timpeall na tíre maidir leis sin. Baineann an dara ceann le riail an tseanathar, sé sin, dá mbeadh duine á dhéanamh le haghaidh seacht mbliana nó níos mó go mbeadh cead acu dul ar aghaidh. Má fuair duine deontais le haghaidh an ghnó, ba chóir dóibh a bheith ábalta dul ar aghaidh leis an ngnó sin freisin. Tá timpeall deich riail dhifriúla curtha le chéile againn agus tugtha againn bliain ó shin don Roinn i bhfeighil turasóireachta. Tá liosta níos faide againn. Tá eolas ar glamping tugtha againn agus rudaí eile. Níl aon rud tagtha ar ais ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Bhain an cheist eile leis an margadh fadtéarmach. Ní rachaidh daoine ar ais go tithíocht fhadtéarmach. Níl formhór de na tithe maith go leor le haghaidh tithíocht fhadtéarmach. Tá an-chuid ban ag obair sna gnóthaí beaga seo, formhór acu os cionn 45 bliain d’aois, agus ní bheadh siad compordach ná sásta duine a bheith ar an láthair go fadtéarmach. Oiriúnaíonn rudaí sealadacha dóibh ach ní rachaidh siad ar ais go dtí an system fadtéarmach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.