Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 15 February 2023
Joint Oireachtas Committee on Transport, Tourism and Sport
National Aviation Policy (Resumed): Regional Airports
Mr. Stiof?n ? C?l?in:
Cuireann bainistíocht agus bord stiúrtha Aerfort Dhún na nGall Teo. fáilte roimh an deis seo cur i láthair a dhéanamh don choiste seo inniu. Tá Aerfort Dhún na nGall i mbun gnó ó 1986. Cuireann an comhlacht fostaíocht ar fáil do 30 duine agus tá lúcháir orainn a fhógairt gur éirigh linn achan ball don fhoireann a choinneáil fostaithe le linn Covid-19. De thoradh ar seo, bhí oibrithe cáilithe againn a bhí réidh le dul i mbun oibre chomh luath agus a bhí deireadh leis na srianta ar aerthaisteal. Faoi láthair, tá eitiltí idir Baile Átha Cliath agus Dún na nGall againn dhá uair sa lá agus tá Emerald Airlines i mbun na seirbhísí seo ar chonradh PSO.
Tá sé mar sprioc againn mar chuid de phlean forbartha gnó cúig bliana, méadú de 5% a chur le líon na bpaisinéirí ó bhliain go bliain. I mbliana, tá muid ag díriú ar 5% sa bhreis ar líon na bpaisinéirí i 2019 a bhaint amach ar na heitiltí go Baile Átha Cliath. Mar gheall ar Covid-19, cuireadh deireadh leis na heitiltí rialta a bhí againn go Glaschú, ach tá deiseanna á bplé againn leis na haerlínte chun an tseirbhís sin a chur ar bun arís mar go bhfuil ceangal an-láidir gaolta agus cultúrtha idir an dá cheantar agus tá móréileamh ar eitilt díreach ó Ghlaschú go Dún na nGall.
No comments