Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 February 2023

Joint Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Future of the Media Sector: Discussion (Resumed)

Mr. Julian de Sp?inn:

Aontaím leis an Teachta. Níor chóir go mbeadh idirdhealú déanta idir an dá thuarascáil do lucht RTÉ. Bíodh siad ag obair ar Raidió na Gaeltachta nó RTÉ, níor chóir go mbeadh idirdhealú eatarthu. Mar a dúirt an Teachta, gheall RTÉ rud éigin. Caithfidh sé seasamh leis an ngealltanas sin in ionad dul siar air.

Nuair a thagann sé go dtí maoiniú go ginearálta, cuireann maoiniú cosc agus bac ar an normalú gur féidir leis na meáin déanamh ó thaobh na Gaeilge de i saol daoine óga, sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, daoine a bhfuil spéis acu san ábhar a bhfuil gach duine tar éis labhairt faoi cheana féin. Nuair a thagann an cheist aníos faoi cé a bheidh ag craoladh an Corn Domhanda nó na Cluichí Oilimpeacha, níl aon cheist ann ach go bhfuil sé chun bheith déanta trí Bhéarla ar RTÉ, Virgin nó eile mar níl an buiséad ag TG4. Má tá sé ag RTÉ, níl sé chun é a dhéanamh as Gaeilge chomh maith. Táimid i gcónaí in áit na leathphingine, nó táimid i gcónaí san áit nach féidir linn an stádas a léiriú don teanga sa chraoltóireacht a ndéantar, bíodh sé ar na meáin éagsúla in Éirinn.

Is gá maoiniú breise a chur ar fáil chun gur féidir le TG4 agus RTÉ, ó thaobh craolta de, a bheith in ann é sin a dhéanamh ar an stádas céanna leis an teanga. Is maith é gur thosaigh RTÉ ag déanamh tráchtaireachta ar chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael, CLG, ach nuair a bhreathnaítear ar na cláir sin, chomh luath agus a imíonn sé go leath-am, téann sé ar ais go dtí an tráchtaireacht Bhéarla sa stiúideo. Cén teachtaireacht atáimid ag tabhairt do na daoine óga atá ag foghlaim nó atá á dtógáil trí Ghaeilge, má fheiceann siad gur rud cineál tánaisteach í an teanga? Caithfear í a chur i gcroílár na craoltóireachta agus is gá maoiniú breise chun gur féidir é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.