Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 February 2023

Joint Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Future of the Media Sector: Discussion (Resumed)

Mr. Julian de Sp?inn:

I will, therefore, deliver my speech in Irish. A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí agus foireann an Chomhchoiste, gabhaim míle maith acu as an gcuireadh le bheith ina láthair inniu chun labhairt maidir le pleananna i gcomhair múnlaí gnó sa todhchaí agus an fhís fhadtéarmach le haghaidh earnáil na meán.

Ba mhaith liom sa chur i láthair a dhéanfaidh mé don choiste inniu cur síos a dhéanamh ar mhúnlaí gnó agus fís fhadtéarmach a thógann an Ghaeilge san áireamh mar dhlúthchuid díobh. Is fiú dom, mar sin, tosú le beagáinín comhthéacs ar cá bhfuil an Ghaeilge sna meáin trí chéile faoi láthair.

Ní bheidh iontas ar an gcoiste a chloisteáil, táim cinnte, agus mé a rá nach bhfuil a dhóthain le feiceáil nó le cloisteáil as Gaeilge ar na meáin trí chéile in Éirinn. Chomh maith leis sin, as an ábhar atá ar fáil as Gaeilge, níl mórán rogha ann do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus dóibh siúd le spéis an teanga a chloisteáil agus a úsáid níos mó.

Ó thaobh na teilifíse de, tá rogha de bhreis is 300 stáisiún teilifíse ar fáil in Éirinn don té atá ag iarraidh féachaint ar ábhar teilifíse as Béarla. Chomh maith leo siúd, tá ardáin eile ann ar nós Netflix, Prime agus Amazon a chuireann méid mór ábhar ar fáil ar réimsí éagsúla spéise don phobal as Béarla. Don té atá ag iarraidh féachaint ar ábhair as Gaeilge, tá TG4 ann agus beagáinín de sholáthar as Gaeilge ar RTÉ. Tá an freastal ar ábhar spéise do dhaoine le Gaeilge, mar sin, an-teoranta go deo.

Ó thaobh an raidió de, tá trí stáisiún as breis is 70 stáisiún sna 26 Contae ag craoladh trí Ghaeilge. Astu sin tá ceann amháin dírithe go príomha ar phobal na Gaeltachta, ceann eile ag craoladh i mBaile Átha Cliath le ceadúnas pobail FM, agus níl an tríú stáisiún, atá dírithe ar dhaoine óga, ag craoladh ar FM go leanúnach. Tá seónna Gaeilge ar chuid de na stáisiúin eile ach, don chuid is mó, bíonn na seónna ar siúl ag amanna neamhshóisialta, amanna nach mbíonn mórán den phobal ag éisteacht leo. Arís níl ach rogha an-teoranta don té le Gaeilge nó ag iarraidh an Ghaeilge a chloisteáil.

Ó thaobh nuachtán agus irisí de, níl ach dhá nuachtán iomlán Gaeilge ann: Tuairisc.ie agusNós.ieatá ar fáil ar líne amháin, agus forlíne amháin agus cúpla alt seachtainiúil sa 70 sa bhreis nuachtán eile sna 26 Chontae.

Chomh maith leis sin, níl ach ceithre iris Ghaeilge as an 200 sa bhreis iris atá ar fáil agus bíonn ailt ó am go chéile ag líon fíor-bheag de na hirisí eile. Níl rogha fairsing in aon chor ann d’aon duine atá ag iarraidh a gcuid spéise ó thaobh nuachta nó ábhair iriseoireachta eile de a léamh as Gaeilge.

Cá bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh an Ghaeilge agus cén ról atá ag na meáin leis sin? Is é cuspóir an Stáit, mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30, an líon daoine atá ag úsáid na Gaeilge go laethúil a ardú 80,000 duine go 250,000 duine. Ní hamháin sin ach ba mhaith leis an Stát go mbeidh dhá mhilliúin duine le Gaeilge ann, is é sin ardú ó 1.78 milliún.

Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil ról nach beag an na meáin le spriocanna an Rialtais a bhaint amach agus le húsáid na Gaeilge i measc an phobail agus sa sochaí a normalú. Mar theanga domhanda, tá sé rídheacair dul i gcomórtas leis an mBéarla ach tá sé níos deacra fós nuair nach bhfuil soláthar ceart sásúil sna meáin in Éirinn le freastal ar phobal na Gaeilge, na Gaeltachta agus dóibh siúd gur mian leo níos mó Gaeilge a fhoghlaim, a chloisteáil, nó a úsáid.

Ó thaobh múnlaí gnó de, táimid airdeallach ar chinneadh an Rialtais gan glacadh leis an moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán chun na meáin phoiblí a mhaoiniú go lárnach agus tá siad chun an ceadúnas teilifíse a choinneáil. Táimid den tuairim, áfach, gur gá infheistíocht shuntasach bhreise a dhéanamh sa Ghaeilge agus sna meáin trí chéile, is cuma cén múnla a bhaintear úsáid as amach anseo.

Tá roinnt moltaí againn ar an maoiniú breise a shíleann muid gur chóir a chur ar fáil laistigh den chóras maoinithe reatha nó gur féidir leis an Rialtas a mhaoiniú go lárnach amach anseo. Sna moltaí céanna, tá cuid acu nach mbeadh aon chostas breise i gceist ach bheadh gá cur chuige a athrú leis an nGaeilge a chur san áireamh. Is iad seo a leanas na moltaí sin:

Ba chóir go mbeidh buiséad de €100 milliúin ag TG4 le seirbhís iomlán leathan Gaeilge a sholáthar don phobal. Bheadh an maoiniú seo ag teacht leis an maoiniú a

cuirtear ar fáil do S4C sa Bhreatain Bheag.

Ba chóir go mbeidh 15% den bhuiséad ag RTÉ curtha ar fáil do chraoltóireacht Ghaeilge le cinntiú go mbeidh réimse leathan de chláir ar fáil trí Ghaeilge ar níos mó ná stáisiún amháin. Tá thart ar 7.5% de bhuiséad RTÉ ag dul ar chraoltóireacht na Gaeilge faoi láthair, idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cláir theilifíse Gaeilge atá sé, den chuid is mó.

Ba cheart go mbeidh €1.6 milliún curtha ar fáil leis an stáisiún raidió Gaeilge don aos óg a chraoladh le ceadúnas cuasai-náisiúnta FM agus ar ardáin eile ar fud na tíre

Ba cheart go mbeidh €1 milliúin sa bhreis ag Foras na Gaeilge le dáileadh ar na meáin Ghaeilge reatha a mhaoiníonn siad, le Tuairisc.ie, Nos.ieagus Raidió na Life san áireamh.

Ba cheart go mbeidh béim ar iriseoireacht na Gaeilge a spreagadh in aon chiste tacaíochta a chuireann coimisiúin na meán ar fáil amach anseo.

Ba cheart go mbeidh coinníoll ann i ngach conradh nua nó in aon athnuachan ar chonradh a chuireann Údarás Craolacháin na hÉireann nó coimisiúin na meán ar fáil amach anseo le líon áirithe craolacháin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i rith amanna sóisialta.

Ba cheart go mbeidh béim ar iriseoireacht na Gaeilge a spreagadh in aon chiste tacaíochta a chuireann Coimisiúin na Meán ar fáil amach anseo

Is é Moladh 7-2 ón Choimisiún um Thodhchaí na Meán ná: “Ba chóir don BAI/Coimisiún na Meán athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus ábhair Ghaeilge ... ". Tá sé sin le teacht. Ba chóir tús a chur leis an athbhreithniú sin gan mhoill ach níor chóir go mbeadh an t-athbhreithniú seo úsáidte le moill nó stop a chur le forbairtí gur féidir bogadh ar aghaidh leo láithreach bonn, ar nós buiséad TG4 a mhéadú nó Raidió Rí-Rá a chur ar FM nó eile.

Mar atá molta cheana-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.