Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Fuíolluisce Poiblí sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé soiléir go mbíonn na Ranna cearta ag plé leis seo. Is í an fhadhb atá leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ná go bhfuil freagracht aici as an tír ar fad. Lena cheart a thabhairt don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chuir sé ciste ar leith ar fáil do bhailte nach bhfuil séarachas iontu. Is í an fhadhb a bhaineann leis sin, áfach, ó mo thaithí réasúnta fada ag plé i mbun forbartha Gaeltachta i dtosach agus ansin mar pholaiteoir, ná go mbeidh an Stát don chéad uair le fada, le deich mbliana, ag cur séarachais isteach in áiteanna nach bhfuil séarachas iontu, ach tosóidh gach comhairle contae san áit is mó sa chontae.

Is í an fhadhb atá againn sa Ghaeltacht agus sna ceantair CLÁR ná gurb iad na háiteanna is lú sna contaetha a bhíonn i gceist.

Nach sin í an fhadhb? Feictear domsa go bhfuil dhá bhealach aniar aduaidh ar an bhfadhb sin. An chéad cheann ná trí CLÁR mar baineann CLÁR le ceantair a chaill níos mó ná 40% dá ndaonra ó 1926. Sílim gur laghdaíodh é sin go 30% ach baineann sé le ceantair a chaill daonra ó 1926 agus a chaill go trom é. Mar sin, is ceantair ar nós iarthar Chonamara atá i gceist. Tá dhá bhealach ag CLÁR feidhmiú. Bhí scéim séarachais ag CLÁR agus ní raibh aon airgead ag teacht ón Rialtas ach bhí scéimeanna uisce ann agus bhí muid ag meaitseáil airgid ón Rialtas. Dá mbunófaí scéim CLÁR amárach agus dá ndéarfadh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail “do chuile phunt den chiste a fhaigheann sibhse as Baile Átha Cliath le haghaidh bailte gan séarachas, cuirfidh muid euro isteach chomh fada is go ndéanann sibh i gceantar CLÁR é”. An gcuideodh sé sin? Go tobann, ní chosnódh sé ach leath an airgid é a dhéanamh i gCarna le hais é a dhéanamh i gCreachmhaoil nó i nDroichead an Chláirín nó aon bhaile nach raibh sna ceantair CLÁR ar fud na tíre.

An dara bealach a bhí ann i mo thréimhse ná go raibh ciste maith infreastruchtúr ag Roinn na Gaeltachta, ní ag an údarás. Bhí sé i bhfad níos fearr é a choinneáil sa Roinn mar bhí i bhfad níos mó go bhféadfá déanamh leis. Ní dhearna muid séarachas mar go raibh CLÁR á dhéanamh ag an am. Rinneadh, mar shampla, an Éill agus an Chrois in aice liom féin. Bhí Comhairle Contae na Gaillimhe an-mhall ag forbairt scéimeanna ach bhí sé mar a bhí sé. Sa chás nach raibh an scéim CLÁR á dhéanamh sin, bheadh sé déanta agam faoi Roinn na Gaeltachta. Rinne mé uisce faoi Roinn na Gaeltachta. Is rud mar sin atá na finnéithe ag caint air. Sílim go dtugann an t-údarás ceantair thearcfhorbartha ar na ceantair seo. Teastaíonn rud a bheadh dírithe. An fhadhb atá ann ná cost-benefit analysis. Má úsáidtear cost-benefit beidh an áit le daonra i gcónaí ar aghaidh ar an áit gan daonra. An rud a rinne CLÁR ná an cost-benefit a chur bunoscionn mar thug sé 50% den mhaoiniú agus bhí sé dírithe ar cheantair gan daonra. Rinne sé sin an rud níos saoire don mháthair-Roinn agus go tobann tiontaíodh an cost-benefit ar a chloigeann. An é sin an cineál rud atá i gceist?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.