Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 15 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Fuíolluisce Poiblí sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Is iontach é sin. Luaigh Máirín Ní Choisdealbha-Seoige an scéim Croí Cónaithe. D'athraigh muid coinníollacha na scéime sin chun go mbeadh sí feiliúnach do scéimeanna faoin tuath. Is rud tábhachtach é sin agus is deas é a chloisteáil go bhfuil sé ag feidhmiú go maith. Tá fadhbanna in áiteanna eile cosúil le Cloch na Rón. Tá daoine le hairgead ag piocadh suas tithe san áit mar thithe saoire. Is fadhb eile í sin. Bhí muid ag cruinnithe i gCloch na Rón agus an Mám le déanaí agus d'fhiafraigh mé de phríomhfheidhmeannach agus foireann bainistíochta na comhairle contae cén fhís atá acu do cheantair cosúil le Cloch na Rón agus an Mám. Cuirfidh mé an cheist chéanna faoi cheantar na bhfinnéithe. Cén fhís atá ag an gcomhairle contae, ag an údarás agus ag polaiteoirí?

Tá mé ag caint dom féin ach sílim go mbeadh an freagra céanna ag chuile dhuine. Teastaítear go mbeidh ceantair láidir againn atá beo le daoine, go mór mór daoine óga, agus go mbeidh na huimhreacha láidir sna scoileanna agus rudaí mar sin. Tá na seirbhísí seo tábhachtach. Bhí scéim séarachais luaite 20 bliain ó shin do cheantar Charna-Chill Chiaráin. Sílim go raibh sé mar phlean ag an am ceann amháin a thógáil idir an dá bhaile, ach nílim cinnte faoi sin. B'fhéidir go mbeadh sé i bhfad níos simplí ceann a thógáil i gCarna agus ceann eile a thógáil i gCill Chiaráin. Níl mé cinnte ach níl mé cáilithe é sin a fhreagairt.

Tá cúpla pota i gceist anseo idir Uisce Éireann, Údarás na Gaeltachta, an chomhairle contae agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Ba cheart go mbeadh na heagraíochtaí sin in ann oibriú lena chéile agus plean a chur le chéile chun na scéimeanna sin a thógáil, go mór mór i gCarna agus i gCill Chiaráin. B'fhéidir go mbeimid mar pholaiteoirí áitiúla in ann na heagraíochtaí sin a thabhairt le chéile agus na ceisteanna sin a phlé leo. Tá sé éasca don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail €200,000 a thabhairt do thogra amháin agus €200,000 do thogra in áit éigin eile, srl., agus i gceann tamaill, beidh €1 milliún curtha ar fáil. Is é sin a rud a theastaíonn chun infreastruchtúr tábhachtach a thógáil san áit seo i gConamara. Tá a lán déanta le tamall anuas. Tá siad ag déanamh na hoibre thart ar Loch Coirib agus in áiteanna ina bhfuil an fuíolluisce ag dul amach san fharraige. Tá pleananna ann do Chloch na Rón agus don Cheathrú Rua ach teastaíonn an comhoibriú sin idir na heagraíochtaí Stáit go léir atá ag feidhmiú i gConamara láir. An aontaíonn na finnéithe leis sin? An mbeidís sásta tacú leis an moladh sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.