Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 8 February 2023

Select Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport And Media

Estimates for Public Services 2023
Vote 33 - Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media (Revised)

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá áthas orm an deis seo a thapú chun labhairt le comhaltaí an choiste den chéad uair mar Aire Stáit don spórt agus don chorpoideachas inniu agus tá mé ag súil le plé leis an gcoiste sa tréimhse atá romhainn. Gabhaim buíochas leo as an bhfáilte a chur siad romham. Inniu, ba mhaith liom nuashonrú gairid a sholáthar ar an ngné spóirt d’imleabhar Mheastacháin Athbhreithnithe 2023.

Sa chomhthéacs sin, tá áthas orm soláthar €175.236 milliún a fhógairt do sheirbhísí spóirt agus fóillíochta i 2023. Soláthraítear €99.3 milliún sa bhuiséad do Spórt Éireann arb ionann é agus 57% den leithdháileadh iomlán don chlár spóirt, chun tacú le spórt ardfheidhmíochta. Tabharfar deis do Spórt Éireann leis an maoiniú seo leanúint ar aghaidh ag tacú lenár n-eagraíochtaí spóirt agus téarnamh leanúnach in earnáil ríthábhachtach an spóirt a chinntiú tar éis Covid-19 agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha. Cabhróidh an maoiniú linn freisin chun bogadh i dtreo na sprice de rannpháirtíocht iomlán 60% ar a laghad sa spórt faoi 2027.

Soláthraítear i gcodanna eile den leithdháileadh foriomlán do mhaoiniú €34.5 milliún nó 19.7% de leithdháileadh iomlán an chláir maidir le deontais do chomhlachtaí spóirt agus soláthar áiseanna spóirt agus fóillíochta; €14.6 milliún do thionscadail bhonneagair spóirt ar mhórscála; €6.4 milliún chun tacú le hiarrachtaí chun imeachtaí spóirt ar mhórscála ardphróifíle a mhealladh go hÉirinn; €12 milliún trí mhaoiniú na gcuntas díomhaoin chun rannpháirtíocht sa spórt agus san aclaíocht a chur chun cinn agus a chothú mar chuid de chur chuige spórt do chách.

Maidir le maoiniú 2023 don chlár um chaipiteal agus trealamh spóirt, is ionann é sin agus €34.5 milliún. Ina theannta sin, coinníodh an maoiniú don chiste infreastruchtúr spóirt ar scála mór ag na leibhéil reatha chun a chinntiú go bhféadfaidh ár mbonneagar spóirt ar fud na tíre leanúint ar aghaidh ag fás agus ag forbairt chun freastal ar leibhéal éileamh atá ag dul i méid sa réimse seo. Tabharfar tús áite do roinnt réimsí spóirt don bhliain 2023 freisin lena n-áirítear forbairt straitéis snámha náisiúnta agus forbairt bheartas mór-imeachtaí. Tá obair ar siúl faoi láthair maidir lenár gcomhthairiscint do Euro 2028 agus déanfar cinneadh freisin i mbliana an ndéanfaimid tairiscint do Tour de France a óstáil.

Is tír mór le rá í Éire i réimse an spóirt anois mar gheall ar infheistíocht leanúnach an Stáit, mar aon le héachtaí ár gcuid lúthchleasaithe, ó thaobh rannpháirtíochta agus ó thaobh acmhainne chun imeachtaí a bhfuil tábhacht dhomhanda leo a óstáil. Tá an spórt i gcroílár ár bpobail agus cuireann sé le saol bríomhar gníomhach. Téann tiomantas an Rialtais don spórt ní hamháin chun sochair do shláinte fhisiciúil an náisiúin ach tá an cumas ann freisin cur le comhtháthú sóisialta tuaithe agus uirbeach agus forbairt shóisialta agus folláine na sochaí a fheabhsú. Sin é an gealltanas a thugamar agus an rud a bhfuil mé ag díriú air mar Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.