Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé

Mr. Alan Esslemont:

Deich milliún bhreise gach bliain. I ndeireadh na dála, ba cheart go mbeadh thart ar €100 milliún ag TG4, ar a laghad, má táimid le bheith ar chomhchéim le S4C. Is é sin an áit a bhfuilimid ag dul. Má éiríonn linn é sin a bhaint amach - feicimid cheana an bláthú atá ag teacht ar an nGaeilge mar gheall ar rudaí amhail "An Cailín Ciúin" - tiocfaidh láidriú air sin. Is am iontach a bheidh ann do chruthaíocht na Gaeilge má táimid in ann feidhmiú ag an leibhéal ceart do TG4. Is é sin an áit go bhfuilimid ag iarraidh dul. Tógfaidh sé cúpla bliain ach tá mé an-sásta as an gcuid tacaíochta sin.

Maidir leis an gceangal oideachais, tá duine fostaithe againn, Conall Ó Máirtín, a bhí ag obair leis an BBC. Tá sé tosaithe ag déanamh na gceangal seo agus beidh, mar chuid den aighneacht réamh-bhuiséid, moladh maidir le hub oideachais. Ní fhéadfaimid é sin a dhéanamh gan a bheith i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais. Beidh sé sin mar chuid den phlé. B'fhéidir go dtiocfaidh cuid den airgead atáimid ag cuardach an bhliain seo chugainn ón Roinn Oideachais, in áit díreach ó Roinn an Aire, an Teachta Catherine Martin. Is ceist don Rialtas í i ndáiríre.

Ó thaobh chúrsaí nuachta de, táimid mar chraoltóir-foilsitheoir.

Go hiondúil, tá taithí againn a bheith ag plé le daoine seachtracha a chuireann ar fáil an rud atá muidne ag iarraidh. Ar an mbealach céanna, go dtí seo bhí smacht eagarthóireachta ag RTÉ ar Nuacht TG4. Táimid ag iarraidh go dtiocfaidh athrú air sin. Faoi Shamhain, cur i gcás, ba mhaith linn branda nua, leagan amach nua agus stiúideo nua. Cuirfear béim ar Nuacht TG4 agus ansin beidh muid ag tosú ar chuid de na seirbhísí go raibh an Teachta Ó Cuív ag labhairt fúthu, sé sin, seirbhísí atá ar fáil ar fhón póca.

Ó thaobh na ndaoine atá ag obair do RTÉ faoi láthair agus céard a tharlóidh, feictear domsa go bhfuil plé agus athbhreithniú iomlán le déanamh ar na meáin. Aontóidh RTÉ, muid féin agus coimisiún na meán an cur chuige ceart agus tabharfaimid faoi. D’fhéadfadh muid leanúint ar an mbealach go bhfuilimid faoi láthair, go bhfuil smacht eagarthóireachta againn ar an nuacht ach go bhfuil sé curtha ar fáil ag daoine ó RTÉ nó d’fhéadfadh sé go mbeadh daoine ag teacht trasna go TG4. Dá dtarlódh sé sin, is cinnte go mbeadh scéim i gceist ó thaobh transfer of undertakings, TUPE, agus deis a bheith acu fanacht nó imeacht. Tá aon duine atá ag obair do Nuacht TG4 an-sábháilte agus tá todhchaí láidir i ndán dóibh. Tá sé tuilte acu mar léiríonn na suirbhéanna go bhfuil caighdeán an-ard iriseoireachta acu. Is ag cur leis an tseirbhís atáimid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.