Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 February 2023

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé

Ms Anna N? Ghallachair:

Tá féidearthachtaí móra ann. Maidir le cúrsaí Gaeilge, ba mhaith liom díriú isteach ar phobail seachas a bheith ag díriú isteach ar na 212 teanga. San am céanna - níl a fhios agam an bhfuil staitisticí faoina choinne ach tá a fhios agam tar éis a bheith ag caint le daoine - tá lucht féachana áirithe i measc na nÉireannach nua atá againn anseo. San áit a raibh mé ag obair go lánaimseartha roimhe seo, bhí comhghleacaithe Síneacha agam agus bhreathnaigh cuid mhór acu ar TG4. Ar dtús, bhreathnaigh siad air mar gheall ar na fotheidil i mBéarla ar na cláir Ghaeilge, mar nach raibh siad cleachta le blas an Bhéarla in Éirinn. Bhí deacrachtaí acu ach nuair a chonaic siad an scríobh ann, de réir a chéile tharraing sé sin isteach sna cláir iad. Ba é an rud ba mhó a thaitin leo, agus tá sé cloiste agam fiú le seachtain anuas arís, ná go dtugann TG4 léargas ar an saol taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Dúradh nach raibh sé sin le feiceáil an oiread sin ar na cainéil eile. Is daoine de chuid na nOileán Filipíneacha a dúirt é sin liom.

Is cinnte go bhfuil sé sin ann agus gur féidir tógáil air sin ar chúpla bealach amach anseo. Is é sin ceann de na nithe ar mhaith liomsa iad a fheiceáil ag teacht. Ar ndóigh, tá cláir á n-iompórtáil isteach againn ó thíortha ina labhraítear teanga eile. Bhí clár faisnéise againn le cúpla mí anuas ina raibh cuid de na saineolaithe ón bhFrainc. Sílim gur thug sé sin dlisteanacht áirithe don chlár sin mar nílimid i gcónaí ag fáil saineolaithe isteach ó thíortha an Bhéarla. Tá sé deas go díreach léargas eile - agus súil eile - a fheiceáil ar an saol.

Labhróidh an t-ard stiúrthóir níos mó maidir le Cúla4 agus na cláir oideachais. Sa jab a bhí agam roimhe, bhí mé bainteach le togra a tugadh isteach bunaithe ar eiseamláir ón bhFrainc ar a dtugtar Vifax. Ag an am nuair a tháinig sé isteach, an rud a bhí ann ná míreanna as Nuacht TG4 agus sraith chleachtaidh agus cluastuiscint bunaithe ar na míreanna nuachta sin. Léirigh na staitisticí gur bhain 8,000 duine úsáid as na rudaí sin i rith na bliana. Ba as an Astráil, an Rúis, an Ríocht Aontaithe agus Meiriceá cuid mhór acu. Is é an rud atá le rá agam faoi sin ná go raibh sé sin á mhaoiniú leis an Roinn Oideachais agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Tá fasach ansin cheana féin. B'fhéidir go mbeidh arís ach tá an t-ard stiúrthóir níos eolaí air sin ná mar atá mise ag an bpointe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.