Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 February 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé
Mr. Alan Esslemont:
Caithfimid fanacht ach beidh mé ag casadh an tseachtain seo chugainn le hArd-Stiúrthóir RTÉ chun é seo a phlé mar is é seo an todhchaí agus an t-athrú. Tá athrú ag teacht ar na meáin Ghaeilge agus tiocfaidh athrú ar an gcaidreamh idir TG4 agus RTÉ. Táimid fós ag feidhmiú faoin reachtaíocht d’uair a chloig sa lá agus caithfimid a dhéanamh cinnte de gur féidir linn, leis an gcaoi ina bhfuil rudaí faoi láthair, an smacht iomlán eagarthóireachta a bhaint amach. Sílim gur féidir linn é sin a dhéanamh agus tá súil agam go bhfaighimid dea-thoil ansin ó RTÉ. Tá muid ag caint leo ansin ón samhradh seo caite faoi seo.
Maidir leis an gceist eile faoi Cúla4, tá a fhios agam go bhfuil níos mó éilimh ag na Gaelscoileanna agus ag na scoileanna Gaeltachta ar ábhar Gaeilge nó mar atá sna scoileanna eile. Dar liom, is mar gheall ar easpa eolais é seo. Tríd is tríd, tá níos mó eolais ag na daoine atá ag múineadh sna scoileanna a mhúintear trí Ghaeilge faoi céard atá ag tarlú i saol na Gaeilge. Mar a dúirt an Cathaoirleach, téann sé seo ar ais go dtí ceist margaíochta agus teacht ar na múinteoirí nuair a bhíonn siad ag foghlaim le bheith ina múinteoirí, agus leanúint leis sin.
No comments