Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 February 2023
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Cuirim fáilte ar ais roimh na finnéithe. Déanaim comhghairdeas le hAnna Ní Ghallachair as a ról nua. Tá na ráitis tosaigh léite agam ach níl an rud eile léite agam fós. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as a gcuid oibre. Tá éacht amach agus amach déanta acu in ainneoin go bhfuil lochtanna fós ann. Déanaim comhghairdeas leo. Is tábhachtach é sin a rá.
Chun leanúint ar aghaidh ar an ábhar a d'ardaigh an Seanadóir, cúrsaí fógraíochta, níl a fhios agam cá bhfuil an tAcht nua atá i bhfeidhm tar éis troda. An bhfuil torthaí le feiceáil ó thaobh comharthaíochta Stáit agus fógraí ón Stát? An bhfuil sé sin le feiceáil?
Chonaic mé "An Cailín Ciúin". Déanaim comhghairdeas leis an bhfoireann uilig. Don chéad uair i mo shaol, cheap mé go raibh scannán chomh maith leis an leabhar. Is rud iontach é nuair atá an leabhar agus an scannán ar an leibhéal céanna. Is rud thar a bheith neamhghnách é sin. Thug an scannán sin, "Arracht" agus na scannáin eile ardú meanma dúinn. Tá sé an-tábhachtach.
Ag dul ar ais go dtí na ráitis tosaigh, cheap mé go raibh mé ar an eolas ach ní raibh a fhios agam go bhfuil 200 teanga in Éirinn. Is iontach an rud é sin. Ní raibh a fhios agam. Tá súil eile i gceist le TG4 i gcónaí, nach bhfuil? Tá ceannaire nua ó thaobh nuachta agus cúrsaí reatha ann. An bhfuil Anna Ní Ghallachair in ann cúpla focal a rá faoi sin agus faoin fhís atá ag TG4 leis an gceannaire nua sin agus ó thaobh na hilghnéitheachta de?
Maidir le Cúla4, tá 44% de mhúinteoirí scoile ag baint úsáid as laistigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. An bhfuil sprioc ann go mbeidh 100% ag déanamh amhlaidh? Cad é an sprioc atá ag TG4 ansin?
Beidh an t-athbhreithniú thar a bheith tábhachtach. Ba chóir go mbeadh sé críochnaithe laistigh de 18 mí. Tá na finnéithe ag rá go mba chóir tús a chur leis anois díreach gan aon mhoill.
Tá ceist amháin eile agam d'Alan Esslemont. Bhí mé déanach ag teacht isteach so b'fhéidir go bhfuil an cheist seo freagartha cheana. Maidir leis an stádas nó teideal seo faoi mír 481, a mbeidh deireadh leis in 2023, an bhfuil na finnéithe ag rá go bhfuil gá leis arís? Cad atá siad ag rá dúinn? Tá dhá mholadh anseo dírithe ar pholaiteoirí. An féidir díriú isteach ar na moltaí sin dom? Sa dara moladh, táthar ag caint faoi imeachtaí cultúrtha áirithe a ainmniú agus a bheith ar liosta. Athraíonn an liosta sin gach trí bliana. Cá bhfuil muid sa cycle sin? An bhfuil sé thart? Cén t-am atá fágtha? Cén ról atá againn, mar pholaiteoirí, maidir leis seo?
No comments