Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 December 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Staid Reatha na hEarnála Léiriúcháin Gaeilge: Plé

Ms Susan Kirby:

Gabhaim buíochas as an gcuireadh seo chun teacht i láthair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Is mise príomhfheidhmeannach Léiritheoirí Scáileán na hÉireann, LSÉ, nó SPI. Liomsa tá Irial Mac Murchú, príomhfheidhmeannach Nemeton TV, as An Rinn, agus Gavin Halpin, príomhfheidhmeannach Paper Owl Films, as Béal Feirste.

Tá doiciméad á chur faoi bhráid an choiste againn ag am ina bhfuil an-suim agus forbairt in earnáil léiriúcháin na Gaeilge. Roinnt eachtraí suntasacha le déanaí san earnáil ná méadú ar bhuiséad TG4 go €57.5 milliún; fógairt ar chainéal nua Gaeilge do pháistí, Cúla 4, le TG4 atá le seoladh in 2023; agus tionscnamh Cine4 leis na scannáin "Arracht", "Foscadh", "Róise & Frank" agus "An Cailín Ciúin", atá mar rogha na coitiantachta don scannán idirnáisiúnta is fearr ag gradaim Oscar i mbliana.

Tá súil againn leis an doiciméad a chuireamar isteach chuig an gcoiste, go dtabharfaidh sé tacaíocht dúinn chun an earnáil a fhás agus a fhorbairt.

Tabharfaidh mé roinnt comhthéacs faoi Léiritheoirí Scáileán na hÉireann, LSÉ. Déanann LSÉ, nó SPI, ionadaíocht thar ceann fhormhór na léiritheoirí Gaeilge ar fud oileán na hÉireann.

Is eagraíocht í SPI do mhonfhiontraithe cruthaitheacha le breis agus180 cuideachta inti, agus aithnítear í mar an guth do léiriúcháin neamhspleácha closamhairc na hÉireann. Tá coiste Gaeilge againn atá déanta de léiritheoirí Gaeltachta agus ag obair trí mheán na Gaeilge, grúpa a oibríonn i gcúinsí éagsúla i gcomparáid le réimsí eile sa tionscal. Is é Irial Mac Murchú cathaoirleach an choiste seo agus tá ochtar ball de chuid SPI ó réimse leathan léiriúcháin Ghaeilge ar an gcoiste freisin.

Bíodh go bhfuil rath ar an tionscal faoi láthair, tá baic orthu siúd a oibríonn sa Ghaeilge. Bíonn deacracht acu go minic foireann a earcú mar gheall ar an líon i bhfad níos lú oibrithe a bhfuil Gaeilge acu. Mar sin, tá formhór na léiritheoirí ró-ghafa le forbairt, léiriú agus soláthar gach clár seachas a bheith ag díriú ar a gcomhlacht féin a fhás agus a fhorbairt.

Ar an nóta sin, tabharfaidh mé roinnt comhthéacs anois faoin timpeallacht ghnó. Is é TG4 an t-aonfhoilsitheoir is craoltóir in Éirinn, rud a chiallaíonn go ndéanann TG4 formhór a chlár a choimisiúnú ón earnáil léiriúcháin neamhspleách. Tá sé rí-thábhachtach go socrófar a mhaoiniú reatha ar leibhéal inar féidir an tseirbhís a fhorbairt agus an lucht féachana a mhéadú ar gach ardán i dtimpeallacht atá ag éirí níos digití gach lá. Ní féidir an iomarca béime a leagan ar an stádas atá ag TG4 mar phríomhinfheisteoir na hearnála agus mar inneall fáis do gheilleagar réigiúnach cruthaitheachta na hÉireann. Chothaíonn TG4 thart ar 500 post coibhéise lánaimseartha, is é sin full-time equivalents, i léiriú closamhairc go díreach i limistéir Ghaeltachta agus réigiúnacha. Tá míchothroime i leibhéil mhaoinithe mheáin seirbhíse poiblí in Éirinn faoi láthair. Tá buiséad de bheagnach €350 milliún ag RTÉ agus gheobhaidh TG4 €57.5 milliún de in 2023. Aithníonn an Rialtas an mhíchothroime mhaoinithe anois agus tugadh méaduithe suntasacha de os cionn €15 milliún do TG4 idir 2021 agus 2023. Ach tá an mhíchothroime seo fós ann.

Labhróidh mé beagáinín faoi na téarmaí trádála idir TG4 agus SPI. Tá an-dul chun cinn déanta maidir le gnó na gcomhlachtaí agus í mí an Mhárta 2021, síníodh na chéad téarmaí um chomhaontú trádála idir SPI agus TG4.

I measc na nithe a bhí ann agus a luaitear istigh sa chomhaontú, luaitear go gcoimeádfaidh na cuideachtaí léiriúcháin cóipcheart agus cearta dáileacháin maidir le cláir a léireofar do TG4, agus go n-íocfar táillí breise leis an léiritheoirí tar éis cúig bliana.

Tá ról lárnach ag Údarás Craolacháin na hÉireann, nó an BAI, maidir le forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh i dtionscal closamhairc na hÉireann. Bronnann sé íosmhéid de 25% de mhaoiniú babhta Fuaim agus Fís ar iarratais Ghaeilge, lena n-áirítear cláir dhátheangacha.

Tá sé d’oibleagáid ar RTÉ uair an chloig sa lá a sholáthar do TG4. Déanann RTÉ sraitheanna a choimisiúnú agus a chomhléiriú do TG4, ina measc cláir shiamsaíochta, spóirt agus cheoil. Áirítear leis sin freisin “An Nuacht” agus roinnt cláir chartlainne.

Bunaíodh Ciste Craoltóireachta na Gaeilge d’fhonn ábhar ardchaighdeáin Gaeilge a mhaoiniú agus earnáil léiriúcháin na Gaeilge a chothú i dTuaisceart Éireann. Maoiníonn an ciste thart ar 60 uair an chloig d’ábhar Gaeilge in aghaidh na bliana le craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann, TG4 agus RTÉ, chomh maith le hardáin dhigiteacha éagsúla.

Labhróidh mé faoi section 481 agus an Borradh Réigiúnach, the Regional Uplift, mar a thugtar air. Le blianta beaga anuas, tá roinnt mór léiriúchán mar “Foundation” déanta ag Troy Studios i Luimneach, a bhí ar an léiriú aonair is mó riamh in Éirinn. Thacaigh an Borradh Réigiúnach le léiriúcháin lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus de Chill Mhantáin. A bhuí le méadú go dtí 5% a fógraíodh ó 2019 go dtí 2021, bhí dianghníomhaíocht ar bun i Maigh Eo, i nDún na nGall, i gCiarraí agus i nGaillimh. Ach mar gheall ar an laghdú ar an gcreidmheas cánach go 3% in 2022, tháinig laghdú suntasach air seo. Tá SPI ag moladh an borradh réigiúnach a choinneáil agus ba mhaith linn é a thabhairt ar ais go 5% ar a laghad go dtí 2024 agus ina dhiaidh sin.

Labhróidh mé faoi dheireadh faoi na moltaí atá againn agus na spriocanna don earnáil atáimid ag cur os comhar an chomhchoiste inniu. Cé go bhfuil an maoiniú don earnáil méadaithe, agus méadú ar lucht éisteachta agus féachana d’ábhar Gaeilge, tá dúshláin shainiúla le sárú ag comhlachtaí léiriúcháin atá ag obair sa Ghaeilge. Chuige seo, tá cúpla moladh le déanamh againn.

Is é moladh uimhir 1 ná tús áite a thabhairt don Ghaeilge agus d’fhorbairt earnáil léiriúcháin na Gaeilge i straitéis Rialtais atá ann cheana do na tionscail chruthaitheacha. Is é moladh uimhir 2 ná tacaíochtaí maoinithe agus forbartha earnála sna cúig go deich mbliana atá romhainn amach. Is é moladh uimhir 3 ná straitéis tallainne agus scileanna a fhorbairt a bhainfidh go sonrach le hearnáil léiriúcháin na Gaeilge. Agus is é moladh uimhir 4 ná plean forbartha earnála a chruthú a bheidh dírithe ar fhorbairt na gcomhlachtaí léiriúcháin Gaeilge. Chabhródh sé seo chun feabhas a chur ar chumas gnólachtaí cruthaitheacha a maoin intleachtúil a chruthú, a choinneáil agus leas a bhaint as; a chinntiú go gcuimseofar na daoine atá ag obair i léiriú na Gaeilge i misin trádála idirnáisiúnta agus gach deis a thapú lenár dtionscal a chur chun cinn go hidirnáisiúnta; deiseanna maoinithe ar leith don Ghaeilge a chruthú le cistí sonracha réigiúnacha; agus tacú le heagraíochtaí ionadaíocha tionscail, amhail SPI, chun tacú le forbairt ár bpobail léiriúcháin Gaeilge.

Mar chonclúid, samhlaímid earnáil léiriúcháin na Gaeilge a bheith uaillmhianach, a bheith san iomaíocht go hidirnáisiúnta, a chruthóidh ábhar an-láidir do lucht féachana na hÉireann agus do hidirnáisiúnta, a chothóidh an tallann chruthaitheach is fearr ar an oileán seo agus a cheiliúrann ár n-oidhreacht chultúrtha. Is féidir an fhís seo a bhaint amach, ach ní féidir linne é sin a dhéanamh gan tacaíocht an Rialtais, agus go sonrach, gníomhú ar na moltaí atá leagtha amach san aighneacht seo. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.