Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 December 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Staid Reatha na hEarnála Léiriúcháin Gaeilge: Plé
Mr. Irial Mac Murch?:
Iadsan go léir atá luaite ag an gCathaoirleach. Is é an rud a tharlaíonn ná go bhfuil ag éirí go ro-mhaith leis an earnáil Ghaeilge agus tagann daoine chun cinn sa Ghaeltacht, éiríonn go han-mhaith leo pé acu an bhfuil siad ag obair sna ceirdeanna nó ag obair os comhair an scáileáin. Tarlaíonn sé seo chomh luath agus a éiríonn go maith leo, agus tá samplaí feicthe againn de léitheoirí nuachta ar TG4 a chríochnaigh suas le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus a bhíonn os comhair an scáileáin ar chroí-am ar chainéil nach bhfuil ag craoladh as Gaeilge sa tír.
De réir mar a thagann na daoine iontacha sin go léir chun cinn, tá Baile Átha Cliath cosúil le maighnéad mór a tharraingíonn daoine isteach le deiseanna níos mó agus níos fearr, agus le hairgead i bhfad níos fearr, mar níl an chothromaíocht airgeadais ar an dtalamh ach chomh beag is a bheadh ag na craoltóirí iad féin sna teangacha éagsúla. Tá straitéis leanúnach de dhíth chun go mbeadh daoine ag teacht isteach, léiritheoirí, stiúrthóirí, eagarthóirí, aisteoirí, láithreoirí, agus mar sin de, agus go mbeadh na daoine sin ag teacht chun cinn go leanúnach. Níl aon rud faoin spéir a d'fhéadfaimis a dhéanamh faoi mar go mbeidh an tarraingt seo ann agus go mbeidh daoine á mealladh go Baile Átha Cliath go deo. Tá trian de dhaonra na tíre agus trian de gheilleagar na tíre, nó níos mó, lonnaithe anseo i mBaile Átha Cliath. Beidh an tarraingt sin i gcónaí ann agus caithfidh sruth a bheith i gcónaí ann ag teacht leis na daoine agus leis na scileanna sin a luaigh mé ansin. Sin an saol ina mairimid. Bheadh sé i bhfad níos measa mura raibh aon éileamh ar na daoine iontacha seo ag teacht tríd mar cad a déarfadh sé sin faoin tionscal? Caithfimid brú ar aghaidh leis agus cosúil leis an chircín rua, déanfaidh mé féin é.
No comments