Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 7 December 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Staid Reatha na hEarnála Léiriúcháin Gaeilge: Plé

Mr. Irial Mac Murch?:

Táimid cinnte ag dul sa treo ceart air seo. Níl a fhios agam an bhfuil an rud atá ar siúl sa tír seo inchurtha leis an gCatalóinis nó leis an mBreatnais. B’fhéidir nach bhfuil go fóill. Bíodh go bhfuil ardú tagtha ar mhaoiniú TG4. Tá breis cothromaíochta le teacht. Níl an leithdheighilt airgeadais ar an mBéarla agus ar an nGaeilge cothrom ar aon bhealach go fóill. Tháinig gach rud atá ar bun faoi láthair go díreach nó go hindíreach, nach mór, ó bhunú TG4. Is bunchloch na hearnála é. Bíodh go bhfuil daoine ag obair sa Ghaeltacht nach n-oibríonn do TG4 agus atá ag obair as Gaelainn nó i dteangacha eile, ach d’fhormhór na ndaoine agus na 500 post a luadh níos luaithe, is é TG4 an bhunchloch as ar thóg daoine gnó anuas air nó atá siad ag obair go díreach lá i ndiaidh lae do TG4. Ba chóir go leanfaidh an t-aitheantas agus an tuiscint den tábhacht atá ag TG4 anois i saol na hÉireann agus i gcur chun cinn feiceálacht na Gaelainne agus an tslí ina bhfuil an Ghaelainn infheicthe nó sofheicthe anois sa saol. Is cuimhin liomsa nuair a thosaímid ar dtús, bhíodh daoine ag tabhairt amach an t-am go léir agus ag fiafraí cén fáth an raibh cluiche rugbaí nó cluiche CLG ar an teilifís as Gaelainn ar an teilifís. An fhírinne ná ná mbeadh sé ar an teilifís in aon chor murach go raibh sé ann as Gaelainn. Tá an ghlúin sin éirithe tuirseach de sin anois agus ní fheadar aon duine sa tír seo faoi 35 bliain d’aois a mhalairt.

Tá an ghlúin iomlán daoine ann anois atá tar éis fás aníos agus ní fheadar siad a mhalairt ach amháin craoltóireacht teilifíse agus na meáin as Gaeilge i lár an aonaigh. Is pointe an-tábhachtach é sin in aibíocht na hearnála atá sroichte anois againn. Tiocfaidh agus, le cúnamh Dé, beidh níos mó cothromaíochta ann sa mhaoiniú amach anseo agus beidh deiseanna eile againn é sin a chur i gcomparáid le tíortha eile. Má leanann rudaí sa treo ina bhfuil siad beidh sé inchurtha leis na samplaí idirnáisiúnta is fearr atá ann agus tá súil agam nach fada go mbeidh sé mar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.