Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 7 December 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Staid Reatha na hEarnála Léiriúcháin Gaeilge: Plé
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Is cúis spreagadh i ndáiríre an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na scannán de ach go háirithe. Gabhaim leithscéal go mbeidh mé ag rith amach roimh dheireadh an chruinnithe. Tá roinnt ceisteanna agam. Ní fhaca mé “Arracht”, “Foscadh”, “Róise & Frank” nó “An Cailín Ciúin” fós. Tá mé ag súil lena iad a fheiceáil le linn na Nollag agus tá mé ag tnúth leis. Mothaím go bhfuil siad feicthe agam toisc go bhfuil an méid sin léirmheasanna léite agam agus iad go léir dearfach amach agus amach. Déanaim comhghairdeas leo siúd a bhí páirteach iontu.
Maidir leis na moltaí, tá an ráiteas tosaigh gonta agus dírithe agus gabhaim buíochas as sin. Tá sé an-chabhrach. Tá ceithre moladh i gceist ann. Ar dtús, an bhfuil siad dírithe ar an Rialtas? An bhfuil fóram ar bun faoi láthair inar féidir na moltaí seo a chur chun cinn nó an bhfuil na finnéithe ag braith orainne iad a chur chun cinn? Cén modh oibre atá i gceist faoi láthair? Maidir leis an faoiseamh cánach, níl sé sa ráiteas mar mholadh ach is dócha nach bhfuil siad sásta go bhfuil laghdú ar an bhfaoiseamh cánach. An bhféadfaí tuilleadh sonraí a thabhairt faoi sin?
Maidir le RTÉ agus na dualgais atá air. Tá a fhios agam go bhfuil air céatadán de chláir a sholáthair lá i ndiaidh lae. An bhfuil deiseanna ann? Tá na finnéithe ag braith go huile is go hiomlán ar dhá nó trí eagraíocht; TG4 ar bharr an dréimire is dócha agus ansin an dá dream eile a luadh. Cad mar gheall ar RTÉ? An bhfuil féidearthachtaí ansin ó thaobh cláracha a choimisiúnú agus an bhfuil aon dul chun déanta sa réimse sin?
Maidir leis an borradh réigiúnach, tá easpa eolais agam faoi seo. An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt air seo? Feicim mo chontae féin, Gaillimh, luaite ach tá gach ceantar tábhachtach. An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt dom faoi sin?
Taobh amuigh de sin, bímid ag streachailt anseo i gcónaí ó thaobh na Gaeilge de agus í a chur chun cinn. Táimid ar tí crích a chur le tuarascáil ar conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa Teach ar gach uile leibhéil mar sin tugann na scannáin seo spreagadh agus ardú anama dúinn, in ainneoin nach bhfuil siad feicthe agam ach tá léite agam fúthu. Tá gá leis sin. Fair plé – tá éacht déanta acu.
No comments