Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 1 December 2022
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá roinnt ceisteanna agam. Go dáiríre nílimid ach ag plé le hairgead beag anseo agus ní bheadh aon duine ag cur ina choinne ach leis sin níl sé léirithe in aon chás go díreach cá bhfuil an t-airgead ag dul. Tá sé luaite ag clár tacaíochta pobal Gaeltachta agus Gaeilge go bhfuil €250,000 ag dul mar shampla. Cá bhfuil an €250,000 sin nó cad é an briseadh síos dó? Tá sé sin fíor faoi gach uile cheann acu. Sórt glanadh suas deireadh na bliana atá i gceist anseo ach sa chur chuige a rinne an tAire Stáit ag an tús bhí sé ag caint faoi cháinaisnéis 2023 agus ag tabhairt le fios cad atá le teacht. Nílimid chun déileáil le 2023 anseo.
Is féidir liom ach nílimid chun é sin a dhéanamh mar sin caithimid deis a fháil am éigin déileáil leis na Meastacháin don bhliain seo chugainn i gceart agus an briseadh síos a dhéanamh. Ní air an Aire Stáit an t-ualach ar fad. Impím go poiblí arís ar an Aire, an Teachta Catherine Martin, teacht os comhair an choiste mar sise an tAire a dhéanann an cinneadh maidir leis an sciar den bhuiséad a chaitear ar an nGaeilge. Chomh maith leis sin, tá an coiste seo, ní an coiste eile, freagrach as na meáin Ghaeilge. Sin an riail atá ann. Níl an tAire tar éis teacht os ár gcomhair, in ainneoin cúig nó sé cuireadh ag an staid seo chun déileáil le TG4, Raidió RíRá nó a leithéid. Iarraim ar an Aire Stáit impí uirthi teacht agus an scéal maith a scaoileadh anseo faoi TG4. Níl fadhb ar bith agam leis sin ach sa deireadh thiar thall tá na baill tar éis na ceiste seo a ardú cúpla uair.
Tá ceisteanna eile agam ach nílimid ach ag déileáil le glanadh suas deireadh na bliana. Ach is ceisteanna iad gur chóir féachaint orthu. Mar shampla, ardaíodh ceist faoi Fhoras na Gaeilge liom - b'fhéidir don Fhoras féin é - gur eagras Stáit é ach go bhfuil pá agus rátaí pá míchearta á n-úsáid i bhForas na Gaeilge. Ar bhreathnaigh an Roinn air sin riamh? An ghá don Roinn iarraidh ar Fhoras na Gaeilge déileáil leis sin agus ansin airgead breise a chur ar fáil, más ghá, chun daoine a chur ar an ráta pá ceart nó a chur ag an staid cheart den chóid? Is ceist cuibheasach casta é ó thaobh rátaí pá agus a leithéid é ach tá a fhios agam ó dhaoine a d'ardaigh an cheist liom go bhfuil fadhb ann agus gur fadhb leanúnach é. B'fhéidir go bhfuil sé cosúil leis an tslí a chaitheann RTÉ leo siúd atá ag obair i Raidió na Gaeltachta, áit ina bhfuil an fhoireann ar phá difriúil ná mar atá acu siúd a bhfuil ag obair in RTÉ, in ainneoin go bhfuil siad ar an teideal céanna go minic.
Más féidir in aon chor, má táimid chun déileáil le Meastacháin - ní díreach don choiste seo é seo - ba chóir níos mó briseadh síos a bheith ann amach anseo in aon eolas a chuirtear faoinár mbráid ionas gur féidir linn mionscrúdú ceart a dhéanamh ar na Meastacháin, fiú agus iad chomh bheag leis seo. Tuigimid ón méid eolais a fuair muid agus ón méid eolais atá an Coimisinéir Teanga ag fáil, anuas ar a bhí molta go dtí seo d'Údarás na Gaeltachta, go bhfuil Údarás na Gaeltachta ar C6 agus ag fáil €306,000. Tagraím do na cinn eile agus do na scéimeanna tacaíocht Gaeltachta mar shampla, tá €200,000 ann. An bhfuil gach uile cheann de na scéimeanna ann chun sciar de sin a fháil nó an cinn áirithe atá i gceist nó an cinn sa bhreis ar cad a bhí ann ó thús na bliana atá i gceist? Ansin tá pleanáil teanga agus tá píosa an-bheag i gceist ansin. Luaigh na Teachtaí eile an fhadhb atá ann ó thaobh pleanála teanga agus sin.
B'fhéidir gur chóir dúinn smaoineamh ar conas is féidir linn tacaíochtaí breise a thabhairt ionas nach bhfuil daoine ag obair sa ghort ina n-aonair. B'fhéidir go gcuideoidh sé sin le roinnt dóibh siúd atá tar éis an chuid sin den earnáil Ghaeilge a fhágáil agus a bhogadh ar aghaidh, don chuid is mó, go dtí poist eile ó thaobh na Gaeilge de. Is maith an rud é go bhfuil siad fós ann ach nuair a théann oibrí mar sin ar strae nó má théann siad go poist eile, cailltear an t-eolas agus móiminteam atá bailithe acu. Caithfear, go minic, tosnú arís ón mbun suas toisc go bhfuil gá le hearcaíocht agus ní tharlaíonn sé sin thar oíche. Tá buairt ar roinnt faoin oiread sin díobh siúd atá ag obair i scéimeanna teanga atá ag bogadh ar aghaidh go dtí poist eile.
No comments