Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 1 December 2022

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2022
Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Nuair a bheidh an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil, d’fhéadfadh suas le 65 post a bheith cruthaithe de thoradh air. Beidh 33 post sa Ghaeltacht, idir oifigigh phleanála teanga agus oifigigh chúnta. Beidh 19 post lasmuigh de sin, idir na 16 post do bhailte seirbhíse Gaeltachta agus na trí cinn do líonraí Gaeilge. Tá 13 post bhreise cruthaithe chomh maith cheana mar a bhaineann sé leis an gclár tacaíochta atáimid ag maoiniú go lárnach ar leas an phróisis sa réimse teaghlaigh luathbhlianta. Tá deiseanna breise fostaíochta cruthaithe ag mo Roinn de thoradh an chúnaimh ardaithe atá á chur ar fáil againn faoi scéim na gcúntóirí teanga, cur i gcás, agus líon níos airde cúntóirí teanga ag obair ó cheann ceann na Gaeltachta. Maidir leis an scéim sin, tá 113 cúntóir i 303 scoil i mbun oibre, agus iad ag freastal ar tuairim is 6,000 dalta scoile in aghaidh na bliana. Tá siad uile ag cabhrú ní hamháin le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta ach le deiseanna breise fostaíochta a chruthú ó cheann ceann na Gaeltachta, deiseanna nach mbeadh ann murach an próiseas pleanála teanga agus an infheistíocht atá mo Roinn ag cur ar fáil, a ardaíodh bliain i ndiaidh bliana ó cuireadh tús leis an scéim ocht mbliana ó shin. Tá sé seo uile ag imirt tionchar dearfach ar stádas na Gaeilge agus ar gheilleagar na Gaeltachta i rith an ama, rud nach n-aithnítear go minic. Mar gheall ar nádúr na hoibre, atá bunaithe ar shaolré na bpleananna teanga trí chéile, is conarthaí de théarma oibre ar leith a bhíonn i bhfeidhm maidir leis na n-oifigigh phleanála teanga, rud atá níos coitianta sa lá atá inniu ann ná mar a bhí san am atá thart. Cé go gcothaítear dúshlán faoi leith de thoradh athruithe foirne isteach agus amach as an gcóras pleanála teanga, ní foláir aithint go mbíonn réimse leathan scileanna agus taithí le sonrú ag oifigigh atá fostaithe faoi scáth an phróisis - scileanna agus taithí, go deimhin, a bhíonn forbartha acu trí bheith ag obair ar réimsí eile agus atá siad in ann a chur fónamh ar leas foriomlán an phróisis go ginearálta. Le deiseanna breise ag teacht chun cinn in earnáil na Gaeilge, is gá a aithint go mbeidh daoine de shíor ag fágáil an phróisis ar lámh amháin agus ag teacht isteach ann ar lámh eile, fearacht na dtreochtaí atá le sonrú san fhórsa saothair trí chéile. Bíonn teagmháil leanúnach idir fheidhmeannaigh an údaráis agus na hoifigigh phleanála teanga atá fostaithe ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga atá freagrach as feidhmiú na bpleananna teanga sa limistéar pleanála teanga go háitiúil. Cuirtear tacaíocht, cabhair agus comhairle ar fáil ar bhonn leanúnach agus ó thaobh comhpháirtíocht de, ar mhaithe le tacú le feidhmiú rathúil an phróisis. Mar chuid den chur chuige sin, bíonn plé rialta idir na hoifigigh phleanála teanga agus foireann pleanála teanga an údaráis. Eagraítear ceird oiliúna, seisiúin eolais agus seisiúin mheantóireachta ar bhonn leanúnach le cúnamh airgeadais na Roinne. Scaiptear eolas maidir le samplaí dea-chleachtais agus scéimeanna agus beartais éagsúla a bheidh ábhartha don chúram agus eagraítear imeachtaí agus ócáidí ábhartha de réir mar is gá agus a fheileann mar chuid den chur chuige. Táthar sásta trí chéile go bhfuil an struchtúr pá agus pinsin atá i bhfeidhm leis an bpróiseas i dtiún le macasamhail do phoist eile den chineál chéanna i réimsí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.