Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Agus do na saighdiúirí Sasanacha a bhí leo. Muna bhfuil éinne eile ag iarraidh teacht isteach, ba mhaith liom cúpla focal a rá. D'éirigh linn teacht ar an bhfadhb agus leis an tuiscint nua seo beimid in ann críoch a chur leis an gcuid seo den fhiosrú atá ar bun againn. Is féidir linn moltaí a chur chuig an Aire breis foirne a fháil chun cabhrú leo siúd atá ag obair ag logainmneacha, mar atá ag dul dóibh ar aon chaoi.

Anuas ar sin, tá súil agam gur féidir linn iarraidh ar na hAirí difriúla díriú isteach ar seo chun cinnte a dhéanamh de nach mbeidh fadhb ann amach anseo agus go mbeidh leigheas ar an scéal. Más gá cuidiú leo spreagadh a thabhairt do na comhairlí áitiúla atá lochtach, déanfar sin, ionas go réiteofar pé fadhb atá ann ó thaobh a n-ionchur nó fadhbanna eile atá ag dreamanna cosúil le GeoDirectory nó An Post. Is gá an fhadhb seo a réiteach sa deireadh thiar, ionas nach mbeimid ag teacht ar ais anseo i gceann cúig nó deich mbliana agus gan leigheas againn ar an bhfadhb cuíosach bunúsach seo.

Tá mé ag súil go mbeidh coiste logainmneacha nua ann chomh luath agus is féidir agus go bhfoilseofar ceann den ocht dréacht atá ina suí anseo le síniú ag an gcoiste - obair bhreise é sin do Colin Bray agus daoine eile – agus ansin go mbeidh foireann an choiste logainmneacha in ann cur leis an obair sin atá ríthábhachtach. Nuair atá an obair sin curtha díobh, beifear in ann féachaint an fiú tabhairt faoi cheist na sráidainmneacha agus rudaí eile. B’fhéidir go bhfuil an iomarca oibre breise fós le déanamh nuair a chríochnaíonn siad na contaetha eile ar fad atá fós le déanamh. Tiocfaimid ar ais chuige sin amach anseo.

Cuirim críoch leis an gcuid seo de chruinniú an lae inniu. Gabhaim buíochas le Colin Bray, príomhoifigeach feidhmiúcháin, SOÉ; le Eoin Ó Droighneáin, príomhoifigeach logainmneacha, atá anseo ó bhrainse logainmneacha na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus lena chomhghleacaithe, an Dr. Conchubhar Ó Crualaoich, príomhoifigeach; agus Aindí Mac Giolla Chomhghaill, ardoifigeach. Gabhaim buíochas freisin leis an ard rúnaí cúnta ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ciarán Ó hÓbáin; le Mr. Ben King, príomhoifigeach; agus le Dan Lawlor, príomhoifigeach cúnta. Beidh seisiún eile againn Beidh seisiún eile againn i gceann tamaill bhig.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.