Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é an rud atá á rá ag lucht GeoDirectory ná nach ndéanann siad ainmneacha atá i nGaeilge a aistriú go Béarla. Deireann said gurb é seo an bunábhar a thagann chucu agus nach bhfuil said ag déanamh aon athrú. Tá locht áit éigin sa chóras. Níl na bunleaganacha atá á bhfháil ag an ríomhaire, nó ag an gcóras atá á gcur le chéile, i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, nó níl siad díreach i nGaeilge ó thaobh na Gaeltachta de mar ba chóir. Nuair a bhí ionadaithe anseo ó An Post, le linn dúinn a bheith ag caint air seo, ní léir dúinne, nó domsa ar aon chaoi, go raibh an tuiscint sin acu. Más buan mo chuimhne, bhí siad ag cur an lochta áit eile - duírt siad go raibh An Post ag fáil gach rud ó Logainm.ie nó ó a leithéid. Ní raibh An Post ag cinntiú go raibh an méid a bhí sé ag cur ar fáil do GeoDirectory agus, dá réir, do Eircode, ag cloí go hiomlán leis an dlí maidir le ceantair Ghaeltachta. Is féidir linn argóint a bheith againn faoin gcuid eile den tír. Measaim go bhfuilimid tar éis teacht ar an áit ina bhfuil an fhadhb agus gur ghá dúinn díriú isteach ar na húdaráis áitiúla maidir le conas is féidir linn an 14% sin nach bhfuil foirfe a leigheas. An bhfuil aon ceist ag an Teachta Connolly?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.