Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 November 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Logainmneacha na Gaeltachta: Plé
Mr. Ciar?n ? h?b?in:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt don Roinn freastal ar an gcruinniú seo den chomhchoiste maidir le húsáid logainmneacha sa Ghaeltacht. Mar Roinn Rialtais, táimid meabhrach ar ár gcuid dualgas faoi réimse de reachtaíocht, lena n-áirítear Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus ar bheartas an Rialtais i dtaca le húsáid na Gaeilge. Mar atá a fhios ag an gcoiste, tháinig an tAire Stáit, an Teachta Naughton, os a chomhair níos luaithe i mbliana, i mí an Mhárta, agus thug sí cuntas don choiste ar roinnt sonraí maidir le scéim teanga na Roinne agus le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Shonraigh an tAire Stáit go gcomhlíonann an Roinn a dualgais faoina scéim teanga féin agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
I dtaca le cóid phoist Eircode, chuir an tAire Stáit in iúl don choiste go bhfuil na socruithe iomchuí curtha i bhfeidhm ag an Roinn lena chinntiú go mbaintear úsáid as logainmneacha oifigiúla na gceantar Gaeltachta mar réamhshocrú chun críche oifigiúla i gcomhréir lenár scéim teanga oifigiúil, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, leis an Acht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge), 1973, agus leis na horduithe logainmneacha atá achtaithe. Mar a d'iarr an coiste ag an am, lorg an Roinn soiléiriú ar cé acu dá cuid oibleagáidí dlíthiúla a bhí á sárú aici faoina scéim Gaeilge féin agus, dá réir, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Mar a míníodh sa chomhfhreagras a chuir muid chuig an gcoiste le déanaí, aontaíonn Oifig an Ard-Aighne leis an Roinn nach bhfuil a scéim Ghaeilge féin ná Acht na dTeangacha Oifigiúla á sárú ag an Roinn. Tá sonraithe ag Oifig an Ard-Aighne go bhfuil na socruithe cuí curtha i bhfeidhm ag an Roinn lena chinntiú go n-úsáidtear logainmneacha oifigiúla na gceantar Gaeltachta mar réamhshocrú chun críche oifigiúla i gcomhréir lenár scéim teanga oifigiúil, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, leis an Acht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) agus leis na horduithe logainmneacha atá achtaithe.
I dtaca leis an tionscadal Eircode féin ach go háirithe, d’fhéach an Roinn, ó chéim deartha an tionscadail agus ó shin i leith, lena chinntiú go mbímid ag cloí lenár gcuid oibleagáidí dlíthiúla ó thaobh na Gaeilge de. Ansin, le linn chéim na hoibríochta, nuair a sainaithníodh neamhréireach idir bunachair shonraí GeoDirectory agus bunachair shonraí logainmneacha maidir le seoltaí Gaeilge, chuaigh an Roinn i mbun teagmhála in athuair leis na páirtithe leasmhara bainteacha. Is é an toradh a bhí air seo ná go ndéantar nuashonrú ar bhonn rialta ar aon neamhréireach i dtaca le logainmneacha Gaeltachta i mbunachar sonraí GeoDirectory.
Leanann an brainse logainmneacha i gcónaí den nós comhad de logainmneacha athraithe nó nuashonraithe Gaeilge a chur ar fáil do GeoDirectory An Post. Tá GeoDirectory An Post tar éis a chur in iúl don Roinn go gcuimsíonn an bunachar sonraí GeoDirectory sonraí logainmneacha oifigiúla de réir mar atá curtha ar fáil ag an mbrainse logainmneacha agus go nuashonraíonn sé an bunachar sonraí go rialta le faisnéis arna cur ar fáil ag an eagras céanna.
Ag breathnú chun cinn, leanfaidh an Roinn de bheith ag comhlíonadh a cuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar bhonn ginearálta agus go sonrach maidir leis an tionscadal Eircode. Beimid sásta aon cheisteanna a bheadh ag an gcoiste a fhreagairt.
No comments