Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Mr. Eoin ? Droighne?in:

Táim buíoch den Chathaoirleach, de na Teachtaí agus de na Seanadóirí as an deis a thabhairt dom labhairt leo inniu maidir le hábhar na forála dlíthiúla lena húsáidtear logainmneacha Gaeilge amháin ar logainmneacha na Gaeltachta.

Labhróidh mé ar feadh nóiméad nó dhó faoin gcúlra atá le stádas na logainmneacha Gaeilge.

Ar an gcéad dul síos, ní raibh ag gach logainm ach aon leagan dlíthiúil amháin ó bunaíodh an Stáit in 1922. Is é an leagan Béarla a bhí i bhformhór glan na leaganacha dlíthiúla sin, mar shampla: Dublin, Kilkenny agus Sligo, agus i gcás na Gaeltachta a leithéidí Dunquin, Carraroe, Gweedore agus mar sin de. Bhí roinnt beag eisceachtaí ann, is é sin bailte a mbíodh ainm gallda orthu le linn réimeas na Breataine agus ceangal ag an ainm sin, go minic, le coróin na Breataine, agus ar cuireadh ainm i nGaeilge amháin orthu nuair a bunaíodh an Stát. Is iad sin a leithéidí Dún Laoghaire, a dtugtaí Kingstown air tráth, agus Port Laoise, a dtugtaí Maryborough air tráth.

Sna chéad 20 bliain nó mar sin den Stát neamhspleách, rinneadh iarracht logainmneacha Gaeilge a thabhairt i réim an athuair ach ní raibh ord ná eagar mar ba cheart ar an obair sin.

Chun an cás sin a chur ina cheart, bunaíodh an Coimisiún Logainmneacha in 1946 chun foirmeacha Gaeilge údarásacha de logainmneacha an Stáit a chur ar fáil chun críocha oifigiúla. Bunaíodh an brainse logainmneacha mar chuid de Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann sna 1950idí chun taighde a dhéanamh ar son an Choimisiúin Logainmneacha. Aistríodh an brainse logainmneacha chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, mar a bhí ag an am, in 1999, agus is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é anois.

D’fhoilsigh an Coimisiún Logainmneacha an leabhrán "Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist" in 1969, saothar a bhí bunaithe ar an taighde a rinne an brainse logainmneacha. Ach fós, ní raibh stádas dlíthiúil ag na hainmneacha Gaeilge sa leabhrán sin. Ritheadh an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) in 1973 agus cé gur leagadh síos san Acht sin próiseas chun na leaganacha Gaeilge de na logainmneacha sa Stat a dheimhniú, níor thug an tAcht sin stádas dlíthiúil don logainm Gaeilge ach é a bheith inchurtha leis an logainm dlíthiúil Béarla. Achtaíodh an tOrdú Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) (Uimh. 1) (Postbhailte) 1975 agus tá sé seo bunaithe den chuid is mó ar na logainmneacha sa leabhrán "Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist" ó 1969, a thug stádas teoranta do na logainmneacha sin faoi Acht 1973.

Le 20 bliain anuas, tá stádas na logainmneacha Gaeilge sa Stát bunaithe ar fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is in ailt 31-35 a phléitear cúrsaí logainmneacha san Acht sin. In alt 31, tugtar míniú nó sainmhíniú ar an gcoimisiún, is é sin an Coimisiún Logainmneacha a bhí ann idir 1946 agus 2012. Tugadh míniú ar an téarma “logainm” féin agus ar an téarma “ordú logainmneacha”. Dála an scéil, in Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2021, dearbhaíodh nárbh ann a thuilleadh don Choimisiún Logainmneacha agus leagadh síos go raibh an coiste logainmneacha le bunú ar bhonn reachtúil.

Foráiltear le halt 32 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla gur féidir le hAire na Gaeltachta orduithe logainmneacha a eisiúint ag dearbhú na leaganacha Gaeilge de logainmneacha. I gcás go bhfuil ordú logainmneacha i bhfeidhm, tá dualgas ar chomhlacht poiblí faoi na rialacháin atá déanta faoi alt 9(1) den Acht, an leagan oifigiúil den logainm a shonraítear san ordú sin a úsáid, tar éis dátaí áirithe, sna cásanna seo a leanas: i gceannteidil stáiseanóireachta ar stáiseanóireacht nua a úsáideann an comhlacht poiblí le feidhm ón 1 Márta 2009; i gcomharthaí nua a chuireann an comhlacht poiblí in airde ar aon suíomh le feidhm arís ón 1 Márta 2009; agus i bhfógairt thaifeadta bhéil déanta ag an gcomhlacht poiblí, nó thar a cheann, le feidhm ón 1 Márta 2013.

Maidir leis na forálacha san Acht a bhaineann le logainmneacha Gaeltachta go sonrach, is mar seo a leanas atá sé. Faoi fhorálacha alt 33(2) den Acht níl feidhm ná éifeacht a thuilleadh leis an leagan Béarla de na logainmneacha Gaeltachta i gcás go bhfuil ordú logainmneacha Gaeltachta tar éis teacht i bhfeidhm. Ní mór do na comhlachtaí poiblí úsáid a bhaint as an leagan Gaeilge, agus as an leagan Gaeilge amháin, den logainm Gaeltachta mar atá sé san ordú logainmneacha sna cásanna seo a leanas: in aon Acht den Oireachtas nó in aon ionstraim reachtúil déanta tar éis theacht i bhfeidhm an ordaithe logainmneacha; i léarscáileanna a ullmhaíonn nó a fhoilsíonn Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead na suirbhéireachta an 1 Eanáir 2005, nó dá éis sin, agus a bhfuil a gcuid scálaí de réir aon cheann de na scálaí: 1:1 go 1:9,999 agus an dá scála sin san áireamh; agus ar an tríú dul síos, ar chomhartha bóthair nó sráide arna cur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.

Taobh amuigh de na dualgais sin ar na comhlachtaí poiblí a shonraítear san Acht agus sna rialacháin a ritear faoin Acht, d’fhéadfadh dualgais shonracha bhreise a bheith ar chomhlacht poiblí de thoradh na scéime teanga atá aontaithe ag an gcomhlacht sin le hAire na Gaeltachta. Mar shampla, agus ceapaim gur cás é seo a bhí mbéal an phobail le cúpla seachtain anuas, tá scéim teanga Raidió Teilifís Éireann 2019-2022, ina sonraítear an méid seo a leanas: “Cinnteoidh RTÉ go n-úsáidtear an leagan oifigiúil Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta sa chraoltóireacht agus sa chomhfhreagras uile.” Fágann an fhoráil sin i scéim teanga RTÉ gurb é an leagan Gaeilge de gach logainm sa Ghaeltacht a chaithfidh an eagraíocht sin a úsáid, agus é ag craoladh, agus i gcomhfhreagras.

Maidir leis na horduithe logainmneacha Gaeltachta, ritheadh an chéad cheann díobh sin in 2004: an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004. Deimhníodh 2,319 logainm san iomlán san ordú sin. In 2019, ritheadh an dara hordú a bhaineann go sonrach leis an nGaeltacht: an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2011 agus sonraítear ansin logainmneacha nach bhfuil san áireamh in Ordú 2004. Tá 5,071 logainm san iomlán san ordú sin. De thoradh an dá ordú logainmneacha Gaeltachta sin, tá 7,390 logainm Gaeltachta ar fad ann a bhfuil dearbhú dlíthiúil tugtha ina leith ar fud na seacht gcontae Gaeltachta. Tá teacht ag an bpobal gan stró ar na horduithe logainmneacha éagsúla, an dá ordú Gaeltachta ina measc, ar shuíomh gréasáin logainm.ie agus ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, coimisineir.ie.

Mar a luaigh mé ar ball, bunaíodh an brainse logainmneacha mar chuid de Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann sna 1950idí chun an taighde cuí a dhéanamh ar logainmneacha na tíre agus is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é anois le 23 mbliana. Is iad seo na dualgais atá ar an mbrainse: taighde a dhéanamh ar son an choiste logainmneacha chun leaganacha údarásacha Gaeilge d’ainmneacha bailte fearainn, aonad riaracháin eile agus gnéithe aiceanta a chur ar fáil don phobal agus don Stát; freastal a dhéanamh ar son an choiste logainmneacha ar chomhfhreagras faoi logainmneacha reatha agus stairiúla araon ón phobal agus ó eagrais Stáit; agus freastal a dhéanamh ar chomhfhreagras faoi shráidainmneacha ó na húdaráis áitiúla, mar is iad atá freagrach as na sráidainmneacha a dheimhniú; comhoibriú le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i dtaca le forbairt agus cothabháil Bhunachar Logainmneacha na hÉireann; agus ailt acadúla a fhoilsiú faoi logainmneacha agus ar ábhair ghaolmhara, mar aon le freastal ar chomhdhálacha agus léachtaí a thabhairt ag comhdhálacha faoi logainmneacha, chomh maith le freastal ar an bpobal trí léachtaí poiblí a thabhairt freisin.

Chun críoch a chur le mo óráid, luafaidh mé gur bunaíodh suíomh gréasáin an bhrainse logainmneacha in éineacht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2008, is é sin logainm.ie. Bíonn gach ordú logainmneacha ar fáil ar an suíomh sin a luaithe is a thagann sé i bhfeidhm, agus roimhe sin, fiú amháin, bíonn na dréachtorduithe ann. Lena dheimhniú, scoireadh an Coimisiún Logainmneacha in 2012. Cé gur cruthaíodh an coiste logainmneacha ina ionad, is coiste neamhreachtúil é sin go dtí seo. Ní rabhthas in ann aon ordú logainmneacha eile a chur i gcrích agus a chur faoi bhráid an Aire gan an reachtaíocht a chur in oiriúint don athrú sin. Tharla sé sin ag deireadh na bliana 2021 nuair a ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá coiste logainmneacha nua le bunú ar bhonn reachtúil in 2023 faoi fhorálacha alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.