Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leo siúd atá linn, idir finnéithe agus comhaltaí. Tá comhaltaí ag teacht isteach ar líne óna oifigí i dTithe an Oireachtais. Tá na Teachtaí Ó Cathasaigh agus Pádraig O'Sullivan linn agus tá an Seanadóir Kyne linn ar Microsoft Teams. Sa seomra coiste tá mé féin, na Teachtaí Daly agus Ó Cuív, agus an Seanadóir Ó Donnghaile.

Beidh dhá sheisiún againn inniu. Sa chéad seisiún, beimid ag plé na forála dlíthiúla go n-úsáidtear logainmneacha Gaeilge amháin ar logainmneacha na Gaeltachta. Beimid ag plé seo le hionadaithe thar cheann Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, SOÉ; an brainse logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Sa dara seisiún, beidh tuarascáil an Choimisinéara Teanga agus cur chun cinn na Gaeilge sa seirbhís poiblí 2022 á phlé le hionadaithe thar cheann Oifig an Choimisinéara Teanga.

Leanfaidh an chéad seisiún ar aghaidh go dtí 3.15 p.m., más gá. Tosóidh an tarna seisiún ag 3.30 p.m., ar a dhéanaí, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Connolly. Beidh sí beagáinín mall ag an gcruinniú mar tá sí ar dualgas sa Chathaoir sa Dáil.

Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Cuirim fearadh na fáilte roimh príomhoifigeach feidhmeannach SOÉ, Colin Bray. Ón mbrainse logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, cuirim fearadh na fáilte roimh Eoin Ó Droighneáin, príomhoifigeach; an Dr. Conchubhar Ó Crualaoich, príomhoifigeach; agus Aindí Mac Giolla Chomhghaill, ardoifigeach.

Chomh maith leis sin tá ard-rúnaí cúnta, Ciarán Ó hÓbáin; an príomhoifigeach, Ben King; agus an príomhoifigeach cúnta, Dan Lawlor, thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide linn freisin agus tá fáilte rompu ar fad.

Sula dtosóimid an chaint caithfidh i gceart, caithfidh mé na coinníollacha seo a léamh agus a chur ar an taifead, sula ndéanfar sin. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chórais chraolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Luaigh mé an coinníoll sin do dhaoine atá ag teacht isteach go fíorúil cheana féin agus feicim go bhfuil an Teachta Dála O'Dowd tagtha isteach ar líne freisin. Is riachtanas bunreachtúil é go mbeidh na comhaltaí ina n-oifigí i dTithe an Oireachtais chun páirt a ghlacadh sa chruinniú poiblí seo. Le linn do chomhaltaí a bheith ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh an físeán a bheith ar siúl an t-am go léir, a bheith le feiceáil ar an scáileán agus go mbeidh an micreafón múchta acu nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá gach duine anseo agus tá sé sin ceart go leor mar sin. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann leis na hábhair nó leis na himeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirtear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha, nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh finnéithe leis an ordú sin chomh láithreach is a eisítear é.

Anois, is féidir linn tús a chur le caint agus le díospóireacht an lae inniu. Iarraim ar Colin Bray anois, thar ceann na Suirbhéireachta Ordanáis Éireann, a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.