Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leis sin, cuirfimid clabhsúr lenár ndíospóireacht ar an ábhar seo inniu.

Rinneamar iniúchadh cuibheasach domhain ar an gceist seo. Más gá dúinn, fillfimid ar an gceist seo arís ach tá súil againn nár ghá dúinn é sin a dhéanamh. Má tá spéis ag aon duine atá ag féachaint isteach orainn maidir leis an ábhar seo, is féidir leo achainí, moladh, nóta míniúcháin nó nóta breise eolais a chur chugainn nó chuig iad siúd a bhí os ár gcomhair inniu, nó roimhe seo. Déanfaimid iad sin a chur san áireamh sa tuarascáil a bheidh á hullmhú againn idir seo - tá súil agam - agus an Nollaig.

É sin ráite agam, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na finnéithe ar fad a bhí os ár gcomhair. Rinne mé dearmad a aithint freisin go raibh an Teachta O’Dowd linn ar líne ar feadh tréimhse, mar aon leis an Seanadóir Clifford Lee.

I measc na bhfinnéithe a bhí os ár gcomhair, bhí an tAire Oideachais, an Teachta Foley, anseo ní ba luaithe; ina héineacht bhí Dalton Tattan, rúnaí cúnta; Evelyn O’Connor, príomhoifigeach sa rannóg beartas, churaclaim agus measúnachta; agus Lisa Nic Dhoinnléibhe, príomhoifigeach san aonad um oideachas Gaeltachta, a raibh orthu imeacht roimh dheireadh an chruinnithe. Tá Martina Mannion, rúnaí cúnta na Roinne sin fós anseo linn agus Anne Tansey, stiúrthóir na seirbhíse náisiúnta síceolaíochta oideachais. Luaim freisin Eibhlín Ní Scannláin, an cigire sinsearach. Chomh maith leis sin ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta bhí an príomhfheidhmeannach, Jacqueline Ní Fhearghusa, agus an cathaoirleach, Dónal Ó hAiniféin. Maille leo siúd freisin ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, bhí John Kearney agus Cathy Connolly os ár gcomhair. Gabhaim mo bhuíochas leo siúd ar fad as a gcuid ama a thabhairt dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.