Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na haíonna as a bheith anseo. Tá cúpla ceist agam dóibh. Ar an gcéad dul síos, dírím ar NEPS agus ar an Roinn. D’éist mé leis an bpíosa deireanach agus is fíor go bhféadfaí go mbeadh deacrachtaí ann do leanaí atá ag foghlaim Béarla don chéad uair. Ó thaobh an chuid eile de cheist an tSeanadóra, is beag scoláirí atá ag fáil na díolúine ag an mbunscoil. I bhformhór na cásanna faoina bhfuilimid ag caint, is ag an meánscoil atá siad ar fáil. Ó thaobh cuibheas an chéatadáin, tá méadú suntasach tagtha ar líon na scoláirí a fhaigheann díolúine sa mheánscoil. Táimid ag caint faoi thart ar 10% i gcomparáid le b'fhéidir 2% nó mar sin de, mar a dúradh. Tá an cás atá á phlé ansin cuid mhaith dhifriúil. An bhfuil aon staitisticí nó fianaise ann faoin aois is comónta ag a bhfaigheann scoláire díolúine?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.