Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ba mhaith liom cúpla ceist a chur ar na finnéithe ón Roinn ar dtús. An bhfuil a fhios acu an céatadán dalta atá ag baint úsáide as na díolúintí a bhfuil a thuismitheoirí ó thíortha eile? Bhí an Seanadóir Kyne ag caint mar gheall ar monatóireacht na cigireachta. An bhfuil sé ceart a rá nach raibh aon mhonatóireacht faoi leith ar na díolúintí go dtí seo? Bímse ag caint le múinteoirí agus chuala mé faoi na staitisticí. Ní aontaím leis an Roinn go bhfuil na figiúirí static faoi láthair. Tá an fhadhb sna hiar-bhunscoileanna. Ón réamhrá a fuaireamar ó Chonradh na Gaeilge, maíodh go raibh beagnach 10% de dhaltaí iar-bhunscoileanna ag fáil díolúintí agus sa bhliain 1999 ní raibh ach 2% ag fáil díolúintí. Chuala mé na finnéithe ón Roinn ag rá go bhfuil níos mó daltaí in oideachas speisialta agus tá an ceart acu mar gheall air sin ach ní leanann sé nach bhfuil na daltaí sin in ann Gaelainn a dhéanamh sna teisteanna sna hiar-bhunscoileanna.

Bheadh sé níos fearr don Rialtas an Ghaelainn a neartú agus a chaomhnú agus na daltaí sin a dhíriú go dtí leibhéal páis, mar shampla, sna scrúduithe. Deir na múinteoirí lena mbím ag caint go bhfuil siad faoi bhrú chun na díolúintí a thabhairt do dhaltaí. Cuirim fáilte roimh an scéim mhonatóireachta atá ag teacht isteach. Ní raibh aon mhonatóireacht dhíreach ann roimhe seo, áfach. Tá a fhios agam faoin whole-school evaluation ach níl aon mhonatóireacht ar leith ag baint leis in aon chor.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.