Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bheadh mise sásta leis an staidéar nó leis an gcomhairle ina léirítear gur féidir an Ghaeilge a chur ar leataoibh, mar sin atá á dhéanamh, seachas leanúint leis an tacaíocht nó athrú a dhéanamh. Ba mhaith liom an staidéar idirnáisiúnta nó acadúil atá mar bhunús don chinneadh atá ann a fheiscint.

Níl díolúintí ann d'aon ábhar eile. Ní raibh díolúintí ann domsa ag foghlaim Béarla ar scoil; níl siad ann d'aon duine. Tá na finnéithe ag rá go bhfuil an Béarla deacair le foghlaim. Tá sé deacair do pháistí atá tógtha le Gaeilge ach ní bhíonn siad ag lorg díolúintí i nGaelscoileanna nó i scoileanna Gaeltachta. Más sa treo sin a táimid ag dul b'fhéidir gur chóir go mbeadh a leithéid de dhíolúintí ann ach ní hé an bealach chun fadhb a leigheas é a chur ar leataobh.

Tá an ceart ag na finnéithe go bhfuil breis maoinithe agus breis foirne curtha ar fáil chun cuidiú leo atá deacrachtaí foghlama tromchúiseacha acu. Aithníonn gach duine é sin agus tá sé go maith go bhfuil an Roinn tar éis athrú agus dul siar ar roinnt de na cinntí a ghlacadh ach don chuid is mó dóibh, níl, go bhfios domsa, scileanna breise acu chun tabhairt faoin nGaeilge. Tá fadbhanna bunúsacha laistigh den chóras oideachais ó thaobh múinteoirí le Gaeilge, cuiditheoirí agus cúntóirí speisialta chun cuidiú le daltaí atá na fadbhanna nó na deacrachtaí foghlama seo acu, déileáil le fadhb teanga difriúil seachas an Béarla a fhoghlaim. An freagra a chualathas de ghnáth thar na blianta ná "they cannot learn Irish" nó má táthar ag caint le speech and language therapist deirtear go bhfuil an Ghaeilge ag cothú na faidhbe agus déanfaimid déileáil le teanga amháin ag an am.

Ní chuireann sé as do pháistí in aon áit ar domhan dhá nó trí theanga a fhoghlaim. B'fhéidir go bhfuil sé beagáinín níos deacra dóibh má tá siad i suíomh áirithe nó más gá dóibh litríocht nó litriú a fhoghlaim. Do ghnáthpháistí mórthimpeall an domhan, seachas cohórt beag, bíonn siad in ann teangacha a fhoghlaim. Mar sin b'fhéidir gurb é an fhadhb atá ann ná an tslí a táimid ag múineadh na Gaeilge. Chuir muid an cheist ar roinnt de na dreamanna a bhí os ár gcomhair maidir leis an mbonnleibhéal. Tá ardleibhéal agus meán leibhéal sna scrúduithe agus níl bonnleibhéal ann a thuilleadh. B'fhéidir gurb é sin ceann de na bealaí chun déileáil leis an gceist a d'ardaigh an Teachta McHugh. Sa slí sin bheifí fós ag cuidiú le daltaí meas a bheith acu ar an teanga, ar an bhfoclaíocht agus ar an bhfoghraíocht a fhoghlaim gan an brú mór atá ar gach uile dalta atá ag tabhairt faoin ardteistiméireacht. B'fhéidir gurb é sin an bealach chun iad a choimeád ceangailte leis an nGaeilge.

Ceann de na fáthanna gur thosaigh muid air seo ná an bhuairt a léiríodh dúinn faoin ardú ó thaobh líon na ndíolúintí - tá an Roinn ag rá nach bhfuil ardú ann. Dúirt Aontas Múinteoirí Éireann linn go raibh ardú 170% ar líon na ndíolúintí a deonaíodh idir 2004 agus 2019. Ní mise a dúirt sin so tá fás tar éis tarlú. B'fhéidir gur roinnt de na páistí, mar a luaigh na finnéithe, iadsan atá ag bogadh isteach ó na bunscoileanna go dtí na meánscoileanna ach má tá siad ann ní chóir go mbeadh siad scartha amach ón chuid eile den bhliain nó den rang atá acu toisc nach bhfuil siad ag gabháil don Ghaeilge. An mbeadh an Roinn sásta féachaint an athuair ar an gceist sin mar gheall ar na leibhéil difriúla ar a bhfuil scrúdúcháin ar fáil ag an teastas sóisearach agus ag an ardteistiméireacht?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.