Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Táimid ag dul ar ais i gciorcal an t-am uilig. Ní hiad sin na ceisteanna a chuir mé. Glacaim go hiomlán go bhfuil deacrachtaí ag gasúir éagsúla ach ní ghlacaim leis an rud a dúirt Anne Tansey, is é sin, nach féidir díriú isteach ar an nGaeilge má tá fadhbanna ann ó thaobh an Bhéarla de. Ceapaim go bhfuil sé seo lochtach amach is amach. Tá dhá rud á meascadh ag an Roinn anseo. Tá líon beag daltaí a bhfuil sé deacair dóibh teanga a fhoghlaim de bharr cúiseanna éagsúla foghlama ach is é an rud atá tagtha trasna sna cruinnithe uilig agus ón Roinn inniu, agus ón Aire ach go háirithe, ná gurb í an Ghaeilge an fhadhb. Tá sé ráite go soiléir ag Anne Tansey gurb é an Béarla an deacracht agus, má tá an teanga sin deacair, gur chóir an Ghaeilge a chur ar leataobh. Léiríonn sé sin an meon atá anseo.

Críochnóidh mé cé gur mhaith liom leanúint ar aghaidh mar tá sé suimiúil. Ceapaim go bhfuil fadhb déanta den Ghaeilge ó thaobh an mheoin atá léirithe ag an Aire agus ag an Roinn. B'fhéidir go bhfuil mé mícheart. Táim oscailte chun mo mheon a athrú agus is é sin an rud atá ag teacht trasna, go háirithe nuair a dúirt an tAire nach féidir bac a chur ar dhaltaí teangacha eile a fhoghlaim. Ní hé sin atá i gceist agam nó ag aon duine anseo. Léiríonn sé meon ait é sin a rá. Tá an dá eagraíocht anseo ag rá gurb é an réiteach atmaisféar a chothú chun ligean don ghasúr nó don dalta foghlaim ar leibhéal atá cuí don chumas atá aige nó aici, an Ghaeilge san áireamh. Is é sin an rud atá in easnamh. Tá sé ráite go bhfuil méadú thar cuimse tagtha ar an mbuiséad. Tá agus fáiltím roimhe sin ach tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndíolúintí freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.