Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. D?nal ? hAinif?in:

Ba mhaith linn an t-oideachas ionchuimsitheach céanna a bhí mo chairde ag trácht air ansin a chur ar fáil do dhaltaí, an Ghaeilge san áireamh. Is é sin go mbeadh an t-oideachas sin ionchuimsitheach agus ar fáil ag an leibhéal cuí do na daltaí leis na tacaíochtaí cuí. Is beag tacaíocht atá ann maidir le hoideachas speisialta agus le léitheoireacht, mar shampla. Ní heol dom go bhfuil aon aonad léitheoireachta sa tír don Ghaeilge, mar shampla. Tá aonad léitheoireachta Béarla sa tír do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí acu leis an léitheoireacht nó le sealbhú na litearthachta acu. Tá aonad speisialta léitheoireachta ann ach ní dóigh liom go bhfuil a leithéid ann sa Ghaeilge go fóill. Tá athruithe móra tagtha ar an gcóras, ámh, agus sílim go bhfuil oscailteacht ann. Tá dul chun cinn déanta ach níor mhaith linn go mbeadh na huimhreacha seo ag fás faoi mar atá siad, go háirithe ag leibhéal na meánscoile.

Tá ceist ansin ag leibhéal na hiarbhunscoile maidir le tráthchlár, cláir ama agus an Ghaeilge a bheith curtha in aghaidh oideachais speisialta, nó tacaíocht fhoghlama mar a thugamar air fadó. Caithfear aghaidh a thabhairt ar an gceist sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.