Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Mr. D?nal ? hAinif?in:
I gcomparáid leis an Gaeilge, níl aon taighde déanta. Ag filleadh ar phointe a rinne an Teachta McHugh níos luaithe, bheadh sé suimiúil modúl idirbhliana nó don teastas sóisearach a fhorbairt maidir le hoidhreacht agus stair na teanga, agus mar sin de. Faraor, níl sparán COGG chomh domhain sin gur féidir linn dul amach agus a bheith ag forbairt na modúl seo thar oíche. Glacaim le pointe an Teachta Connolly go mbeadh sé thar a bheith tábhachtach anailís a dhéanamh an bhfuil dúshlán ar leith ag baint leis an teanga. Ní heol dúinn ón taighde atá ann ar na teangacha ag an bpointe seo go bhfuil.
No comments