Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 October 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)

Mr. John Kearney:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill an chomhchoiste as ucht an cuireadh teacht agus labhairt inniu. Tacaíonn an NCSE le seirbhísí oideachais do dhaoine óga agus do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Cuirimid comhairle ar fáil don Aire Oideachais i leith chúrsaí oideachais speisialta. Is é fócas ár dtacaíochtaí d’fhoghlaimeoirí ná cleachtas ionchuimsitheach a chumasú i scoileanna trí mheán an Bhéarla agus na Gaelscolaíochta a dhíríonn ar chur chuige bunaithe ar láidreacht agus atá leabaithe sa nós go bhfuil guth an dalta lárnach. Is cinnte go bhfuil cumas ag daltaí le riachtanais speisialta an Ghaeilge a shealbhú ag a leibhéal féin. Aithnítear go bhfuil tuairim is 10% de dhaltaí le diagnóis riachtanas oideachas speisialta ag freastal ar bhunscoileanna an tumoideachais. É sin ráite, caithfear a aithint go mbíonn daltaí ag streachailt go cognaíoch agus go mothúchánach le hualach oibre scoile. Tacaíonn Ciorclán 55/22 leis na daltaí seo. Bíonn gaol láidir agus aithne dhomhain ag na múinteoirí cuartaíochta ar na daltaí atá faoina gcúram, go minic ón am a bheirtear iad. Tacaíonn siad le halt 2.2.3 de Chiorclán 55/22.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.