Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 October 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Díolúintí i leith Staidéar na Gaeilge sa Mheánscolaíocht: Plé (Atógáil)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ba mhaith liom rud amháin a rá. D'fhéadfaí staidéar a thionscain a dhéanfadh scrúdú ar an gcúis nach féidir le daoine áirithe an Ghaeilge a fhoghlaim ach gur féidir leo teangacha eile a thabhairt leo. D'fhéadfadh sé a fhiosrú céard atá mícheart leis an nGaeilge, le múineadh na Gaeilge nó le curaclam le Gaeilge go bhfuil daoine go héasca in ann teangacha eile a thabhairt leo ach nach bhfuil siad ag tabhairt na Gaeilge leo. An ndéanfaidh an Roinn staidéar ar an gcúis sin?
No comments